Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhacánta honest
" B'fhiú go mór tírdhreachanna uirbeacha Magill a fheiceáil fosta, mar aon leis na grianghraif thruamhéalacha, mhacánta, loma a thóg Billingham dá theaghlach.
bímis ionraic let's be honest
" Ach bímis ionraic - cé mhéid duine againn a bheadh amuigh ar na sráideanna ar son chearta an Lucht Taistil dá mbeidís ní ba chiúine, ní ba fhreagraí agus ní ba réasúnta? Is as Baile Átha Cliath é Fachtna Ó Drisceoil.
bhróicéir macánta honest broker
" Agus an méid sin ráite aige, an bhféadfadh sé go fóill a bheith ina bhróicéir macánta sa lá atá inniu ann, a d'fhiafraigh mé de.
macánta honest
" Bhain mé sult as an bhaile nuair a thug mé cuairt air, mar is daoine cairdiúla iad muintir na háite; tá siad macánta, oscailte, agus tá blas láidir thuisceart Shasana ar a gcuid cainte.
Bímis ionraic let us be honest
" Bímis ionraic i dtaobh na ceiste seo, seachas a bheith seachantach agus tostach.
ionraic honest
" Ní raibh adharca air! Sílim go bhfuil sé ionraic faoin phróiseas síochána agus an saol atá aige anois," a dúirt sé liom.
macánta honest
" Bíonn na foirgnimh féinmhuiníneach, macánta agus gan náire, bíonn siad ar an tsráid os comhair an phobail, bíonn nasc idir an foirgneamh agus an pobal i gcónaí.
macánta honest
" Nuair a fhéachann tú thart ar a theach, atá suite i lár chathair Dhoire, chíonn tú saothar a dhéanann cur síos ar a shaol ar bhealach atá pearsanta agus macánta.
ionraice honest
" Tá sé iontach séimh agus iontach ionraice sa dóigh a mbíonn sé ag déileáil le scríbhneoirí.
macánta honest
" Tá an-chur síos sa leabhar ar an eachtra ar fad agus ar an rí rá a lean í agus chaithfeadh trua a bheith agat do Jimmy Cooney mar is cinnte gur duine uasal macánta é.
gnáthdhaoine macánta honest, ordinary people
" Tá sin maith go leor ina gcás siúd, leis an saibhreas atá acu, ach in áiteanna mar seo is gnáthdhaoine macánta, cosúil le teaghlach Brenda Wynne, atá ag fulaingt.
macánta honest
" Dá mba rud é, a dúirt sé, gur thug airí rialtais freagraí oscailte macánta ar cheisteanna áirithe a cuireadh orthu sa Dáil bheadh an t-eolas ar fad againn.
cneasta honest
" Duine é, mar sin, atá go mór sa nuacht agus cad ina thaobh nach mbeadh - tá saol suimiúil á chaitheamh aige, mórobair déanta agus á déanamh fós aige i léann na Gaeilge, agus é deisbhéalach, tapaidh, cneasta agus mórchroíoch ina theannta.
macánta honest
" Rinne Käthe Kallwitz agus Francisco Goya, mar shampla, cur síos a bhí macánta agus brúidiúil ar an éagóir shóisialta a bhí le feiceáil thart timpeall orthu.
macánta honest
" " "Agus nach í an chos mhallaithe úd a chiceáil m'fhear céile sna magairlí is a chuir ó rath é, a chiceáil isteach doirse siopaí, a bhasc is a chuir cor coise i ndaoine macánta, a bhí ar lata luais an chairr seo inniu is a tharraing an trioblóid go léir uirthi féin is a chuir pobal neamhurchóideach an eastáit seo i mbaol agus trína chéile.
lá macánta oibre an honest day's work
" Leisceoir amach is amach mé! Níl "lá macánta oibre" déanta agam fós agus níl aon deabhadh orm ceann a dhéanamh! AÓF: Bronnadh Gradam TG4, "Ceoltóir Óg na Bliana", ort i 1999.
ionraic honest
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
iarracht mhacánta honest attempt
" Agus céard faoi spórt mar chaitheamh aimsire, mar iomaíocht fhéaráilte, mar iarracht mhacánta chun an bua a fháil, agus cailleadh le honóir agus suáilce.
ionraic honest
" Is duine ionraic díreach í a bhfuil fíos a gnó go maith aici agus tá sé de nós aici féachaint díreach ort agus í ag caint leat.
macánta honest
" Ba chóir an doras a fhágáil oscailte do dhaoine macánta atá ag iarraidh fostaíocht agus fothain a fháil anseo.
le bheith fírinneach to be honest
" "Tá an-spéis agam in éin ach, le bheith fírinneach, tá sé seo tarraingte isteach i mo chuid oibre agam.
macánta honest
" Nuair a fhiafraím de an féidir leo seirbhís cheart a chur ar fáil do na mic léinn, ag cur san áireamh a laghad sin daoine a bheith ag obair sa roinn, tugann sé freagra macánta.
macánta honest
" AÓF: Ar chinn sibh d'aon ghnó rudaí a choinneáil simplí, nó macánta b'fhéidir, gan an iomarca maisiú bréagach a dhéanamh ar an gceol? MÓR: Toisc nach bhfuil ann ach an bheirt againn bhí sé deacair an iomarca a dhéanamh.
macánta honest
" Agus dúirt mé leis an mbeirt acu, 'Anois, bígí macánta.
macánta honest
" Cuireann sé in iúl go soiléir agus go macánta an t-éadóchas agus an chumha a bhaineann le bás agus cailliúint.
macánta honest
" Marc: C *Seán Ó Tuairisc (FF)* Oibrí crua agus fear macánta ach sáite go huile is go hiomlán sa pholaitíocht áitiúil.
iarracht mhacánta agus fhónta an honest and good effort
" "Cur chuige nua a theastaíonn agus feictear dom má dhéanann an tÚdarás (Údaráis na Gaeltacht) iarracht mhacánta agus fhónta an beartas forbartha a fógraíodh le gairid a chur i bhfeidhm, agus tacaíocht a fháil ó na pobail Ghaeltachta, go b'fhéadfaí an creimeadh a stopadh agus cothromaíocht nua teanga idir an Ghaeilge agus an Béarla a bhaint amach.
measúnú macánta honest assessment
" AÓF: Céard é ról an mholtóra dar leat? LÓM: Go bunúsach is éard a bheinn ag lorg uaidh nó uaithi ná measúnú macánta ar amhránaíocht na n-iomaitheoirí agus iad ar an ardán os comhair na moltóirí ar an oíche.
cneasta honest
" Níl suim dá laghad agam féin i gcúrsaí piseog ach mhothaigh mé ar an lá sin gurbh áit faoi leith an tigín sin agus gur duine cneasta, cineálta, dílis a bhíodh ina chónaí ann.
macánta honest
" Chun a bheith macánta, ba chóir dom a mhíniú ag an bpointe seo nach bhfuil gréasán gan sreang agam féin sa bhaile go fóill - bhí súil agam go mbeinn in ann úsáid a bhaint as gréasán mo chomharsan (ar bhonn sealadach, trialach ar ndóigh).
macánta honest
" Chun a bheith macánta, ba chóir dom a mhíniú ag an bpointe seo nach bhfuil gréasán gan sreang agam féin sa bhaile go fóill - bhí súil agam go mbeinn in ann úsáid a bhaint as gréasán mo chomharsan (ar bhonn sealadach, trialach ar ndóigh).
macánta honest
" Is cuimhin linn na gearáin a bhí ag lucht Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tráth na gcluichí idirnáisiúnta sin agus an fhearg a bhí ar dhaoine faoi iompar na nAstálach, ach má bhímid macánta faoi nil mórán le foghlaim ag peileadóirí CLG faoi imirt fhealltach ó na hAstrálaigh chéanna.
macánta honest
" Deir Kennaway é féin go gcuireann an ceangal seo le paraimíleataigh brón agus déistin i gcroí daoine macánta cráifeacha an Oird.
macánta honest
" Sasana: Ár gcomharsana béal dorais, nach dtugaimid tacaíocht dóibh – céard is féidir a rá fúthu? Má bhímid macánta faoi, ní mór dúinn a admháil go mbíonn gliondar orainn nuair a chailleann na Sasanaigh cluiche peile.
léirmheas macánta honest assessment
" Is doiligh, dá bharr sin, léirmheas macánta a dhéanamh ar eagraíochtaí Gaeilge agus araile.
ceol níos ionraice ní chloisfeá riamh. more honest music you'd never hear.
" Ní raibh smacht ceart aige ar na píobaí ná ar na foinn, ach ceol níos ionraice ní chloisfeá riamh.
macánta honest
" Is cinnte go bhfuil gach duine ar aon intinn go bhfuil orainn poist a chaomhnú agus a chruthú – ach caithfimid a bheith macánta faoi na saghsanna post atá i gceist.
drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, the bad habits of football, to be honest about it,
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
glór macánta dá chuid féin aige his own honest voice
" Seo údar a bhfuil glór macánta dá chuid féin aige aimsithe aige, treoraí a chuireann ceisteanna agus a chuireann eolas ar fáil ach nach n-éiríonn sotalach.
cruthaitheach, ionraic creative, honest
ina stíl shainiúil ionraic féin, in his own distinctive honest style,
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
mar pholaiteoir ionraic cumasach, as an honest and capable politician,
" Breathnaítear go fairsing air mar pholaiteoir ionraic cumasach, agus ar ndóigh tá aithne air cheana féin óna fheachtas leasuachtaránachta in 2004.
macánta, honest,
" Ach, le bheith macánta, níl ann dáiríre ach an toradh a bhíonn ar shampla amháin den bhfeiniméan a aithnítear mar “an Irish solution to an Irish problem”.
séimh agus macánta. gentle and honest.
" Ní dhéanann Collins na teachtaireachtaí a shá síos scornach an lucht féachana, ach tá siad ann, séimh agus macánta.
cuma mhacánta honest appearance
" “Tá cuma mhacánta air,” a dúirt sé, “tá sé aosta agus é i gcathaoir rothaí.
macánta honest
" Táthar den tuairim gur duine macánta é Obama, ach ní léir cé acu an bhfuil a shoineantacht ina mhíbhuntáiste.
Le bheith ionraic, to be honest
" Le bheith ionraic, níor mhothaigh mé brú agus strus riamh i mo shaol cosúil leis an rud a mhothaigh mé agus muid ag déanamh ár gcinntí an Satharn sin, oíche Shamhna.
ionraice honest
" ” Deir Carrie go ndearna sí iarracht i gcónaí caitheamh go maith le haíonna an chláir agus a bheith ionraice agus an clár á chur le chéile aici féin agus ag an léiritheoir.
ionraic honest
" Tá muintir na tíre iontach cairdiúil, réchúiseach, ionraic agus cabhrach.
seachas a bheith ionraic leo siúd instead of being honest with those
" Cinnte, thit gnó Green Linnet as a chéile, ach seachas a bheith ionraic leo siúd a chothaigh an gnó dóibh i dtosach, rinne an t-úinéir agus an ceannasaí (seoiníní a bhí iontu beirt) an comhlacht a bheathú le bréaga agus gadaíocht.
cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic wise, capable, assured and honest
" Tháinig muintir na hÉireann fríd níos measa ná an cruachás atá romhainn; tiocfaidh muid fríd seo fhad is go mbeidh ár gceannasaíocht pholaitiúil cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic.
ionraic honest
" Éadaí atá, i mo bharúilse (má tá muid ionraic linn féin), cinéal caite ag amharc agus chomh ‘*last season*’ iontu féin, gur masla don lipéad é féin, an lipéad a chrochadh orthu ar chor ar bith.
ionraic honest
" Ag an am céanna, níorbh fhéidir le Meiriceánach ionraic ar nós Charles Freeman a bheith ina chathaoirleach ar an gCoiste um Fhaisnéis Náisiúnta de dheasca brú ar an Teach Bán ó lucht Iosrael.
macánta honest
" ” (The Irish Times 13 Meitheamh) An Cheist a Chíoradh Is é mo bharúil gur tuairimí macánta iad seo a bhfuil leas an phobail agus na tíre á spreagadh.
Le bheith macánta to be honest
" Le bheith macánta faoi, ní hí an ollscoil an chéad rogha ag go leor daoine óga ar mian leo cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh.
ionraic honest
" Cóipeáil an tuairisc sin, TNG, agus sín chuig garáiste beag ionraic a bhfuil aithne agus meas agat orthu agus a bhfuil taithí ar obair an TNG acu.
díreach honest
" Caithfidh tú, go díreach, suí isteach sa charr agus é a thiomáint, chomh maith leis an obair eile ar fad ina theannta san.
ionraic honest
" Tá fírinne sa léamh sin fós, ach creidim, le cur chuige ionraic, oscailte, réabhlóideach Haneke, gur thug sé mé i bhfianaise a chuid carachtar, agus an domhain ina maireann siad.
léamh macánta an honest reading
" Is dóigh liom gur léamh macánta é sin ar an mórphictiúr.
ionraic honest
" Theip air, nó dhiúltaigh sé, dul i gcumarsáid leis an tír go hionraic glan.
macánta honest
" Caithfear plé oscailte agus macánta a dhéanamh ar na ceisteanna seo sna míonna amach romhainn agus ins an fheachtas toghchánaíochta go mór mór.
ionraic honest
" Is é an léargas pearsanta ionraic a thugann Corduff agus O Donnell ar an gcaoi a ndeachaigh imeachtaí le deich bliana anuas i bhfeidhm orthu go pearsanta, ar a dteaghlaigh agus ar an bpobal trí chéile, a mheallann na sluaite isteach ó cheann ceann na tíre arís agus arís eile agus a ghnóthaíonn gradam i ndiaidh gradaim don scannán.
cáinte macánta honest disparagement
" Agus líon a suíochán sa Dáil méadaithe fá thrí tá briseadh fríd suntasach déanta ag an pháirtí ainneoin na cáinte macánta agus na bolscaireachta duibhe ina éadan.
chur síos macánta honest description
" Tosaíodh agus críochnaíodh a saol i gCathair Mheicsiceó agus fuair sí aitheantas, de réír a chéile, mar ealaíontóir a rinne ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar nósanna dúcháis Mheicsiceó chomh maith leis an chur síos macánta a rinne sí ar an saol crua diachrach a bhí aici féin.
ionraic honest
" Is dream macánta, ionraic iad na Ceanadaigh.
Athchóiriú Ionraic an honest retake on
" Athchóiriú Ionraic ========= Cruthaítear íomhá fiáin, míréireach agus cailín *streetwise* leis an gcarachtar Eliza ag tús an dráma.
díreach honest
" Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis stuama, léirsteanach ná díreach leis an bpobal.
ghrinn ionraic accurate and honest
" Is léir go bhfuil anailís ghrinn ionraic de dhíth.
bíodh muid macánta let's be honest
" Tá an Ghaeilge chomh lag, bíodh muid macánta.
macánta honest
" Dáiríre, le bheith macánta faoi go náisiúnta, is iad an t-aon dream amháin a mbeadh beagáinín dóchais agat astub.
macánta honest
" Ar a laghad, bhí sí ábalta a cuid frustrachas, seanbhlas agus searbhas a chur in iúl i litir, ach an dream gan meas acu ar oideachas agus ar shaothar cóir, an dream atá ciniciúil faoin saol ar aon chuma, chruthaigh iompar na mbaincéirí agus an rialtais dóibh nach raibh duine ar bith macánta ar an domhan cláir agus gur cheart dóibh a rogha rud a dhéanamh.
macánta honest
" 
Mar atá a fhios againn, ba iad Tuatha Dé Danann a bhunaigh an Phoblacht i 1921 nuair a spréigh siad púdar draíochta ar chuid mhór d'Éirinn, éacht a chruthaigh an oiread sin sonais agus só go raibh na Sasanaigh deasa in ann filleadh chun an bhaile! Ach níor bhain an smúit draíochta cuid de thuaisceart na tíre amach agus d'éirigh na daoine ansin feargach agus thosaigh ag bualadh a gcomharsana, daoine macánta a shíl gur leo an áit.
macánta honest
" An Fhírinne Ghlan ========= Caithfear a rá go bhfuil gach imreoir agus daoine eile a cuireadh faoi agallamh le haghaidh an leabhair seo an-oscailte agus macánta ina gcuid scagtha agus tuairimíochta.
i bhfad níos macánta far more honest
" Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann? Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí? Chomh Sean leis na Cnoic ============== Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh.
cnámh lom na fírinne the honest to goodness truth
" D'inis an Seanadóir Fiach Mac Conghail cnámh lom na fírinne don Chomhchoiste nuair a chur sé in iúl go raibh 'an comórtas PR caillte' ag an Fhoras.
go hiomlán macánta entirely honest
" “Is bréaga iad na ráflaí atá ag cur inár leith nach bhfuilimid go hiomlán macánta ó thaobh an airgeadais de, nó nach bhfuil comhlacht neamhspleach ag déanamh iniúchadh ar chuntas an chomhlachta.
leasú ionraic an honest reform
" Níl amhras ach go bhfuil leasuithe polaitiúla de dhíth, ach is ar éigean a chreidim gur leasú ionraic é seo.
seasmhach, ionraic, ciallmhar constant, honest, sensible
" Tchítear do dhaoine nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu agus nach bhfuil an córas pleanála seasmhach, ionraic, ciallmhar.
t-alt macánta seo this honest article
" ” Cothú an Mhisnigh ========= Agus an t-alt macánta seo á dhíleá, is furaist claonadh Mhic Amhlaigh i dtreo an tsóisialachais agus an chumannachais a thuiscint.
bheith macánta faoi na rudaí seo to be honest about these matters
" Tá sé thar a bheith deacair dóibh siúd a bheith macánta faoi na rudaí seo nó a bheith oscailte, mar tá siad ag brath ar an bpingin sin ó dheontais reáchtála an Údaráis agus ón Rialtas chun iad a choimeád oscailte.
chuala mé trácht go mion, macánta I heard a minute honest description
" Ach is i gcomhluadar Chastus lá sneachta i mBonn i mbliana an chéad uair a chuala mé trácht go mion, macánta ar an saol a bhí sa DDR – Oirthear na Gearmáine – sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
mar gheall gur dream deas ionraic iad because they’re a nice honest crowd
" ie go ceann i bhfad mar gheall gur dream deas ionraic iad 99% de lucht scríofa bunailt na hirise, bíodh ainm cleite nó ainm dílis orthu.
a dhéanamh ionraic make it honest
" Cén t-ionadh le himeacht ama má thuig sí, Máire Mhic Róibín, gur mionlach iad i saol na tráchtála, aicme an dea-chroí agus nach féidir léisi ná le héinne an córas cam a dhíriú agus a dhéanamh ionraic.
ionraic leis na ndaoine honest with the people
" Reifreann eile ===== Dá mbeadh an rialtas ionraic leis na ndaoine dhéanfaidís dhá rud im’ thuairimse: (i) a admháil gur fadhb mhór é gur cuireadh Alt 40.
Ní tuarascáil ionraic neamhspléach é seo this isn’t an honest independent report
" Ní tuarascáil ionraic neamhspléach é seo ach iarracht a chur ina luí orainn go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh nuair nach bhfuil.
a d’fhéadfadh tuairisciú níos ionraice agus níos iomláine a thabhairt which could give a more honest and a fuller report
" Is maith an rud é go bhfuil tuarascáil mar seo á cur le chéile ach b’fhearr é a bheith curtha le chéile ag dream neamhspléach, a d’fhéadfadh tuairisciú níos ionraice agus níos iomláine a thabhairt faoin mbealach a bhfuil an státchóras ag dul i ngleic le cur i bhfeidhm na moltaí éagsúla fiúntacha atá sa Straitéis.
iarracht mhacánta an honest effort
" Níl ann ach gur mhaith leis go gcaithfeadh an Slua Muirí leis mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí tábhachtacha a dhéanann iarracht mhacánta; is é atá i gceist ag Balor, i mbeagán focal: an sméideadh beag; an ‘Maith thú hey!’ …agus an t-ardú tuarastail chomh maith, dar ndóigh.
téann a eiseamláir ionraic i bhfeidhm go mór his honest example has a big effect
" Déanann sé luachmhaireacht an tsaoil dhaonna féin a cheiliúradh agus téann a eiseamláir ionraic i bhfeidhm go mór ar an athair a bhí ar thairseach an bháis.
cnámh lom na fírinne á insint telling the honest to goodness truth
" An bhfuil aon náisiún eile ar chlár na cruinne a bhíonn ciaptha de shíor ag smaoineamh faoina bhféiniúlacht? Bhí cnámh lom na fírinne á insint ag Brendan Behan nuair a mhaígh sé go bíonn síocóis náisiúnta ag an Éireannach san áit ina mbíonn féiniúlacht náisiúnta ag achan chine eile.
Seo lom-iarracht scagadh a dhéanamh ar this is an honest effort to scrutinize
" Seo lom-iarracht scagadh a dhéanamh ar leisciúlacht agus lagar spride an daonlathais Éireannaigh, agus is ionann an cur chuige seo agus an cur chuige níos ealaíonta a rinne Tom Garvin níos déanaí ach go háirithe sa leabhar ríthábhachtach aige, *Preventing the Future: Why was Ireland So Poor For So Long?* (2004).
bheith macánta to be honest
" ” Molann Deirdre Garvey do dhreamanna a bheith macánta faoi thuarastail gach aon duine atá tuilleamh níos mó ná €60,000 sa bhliain.
Má tá mé ionraic if I’m honest
" Má tá mé ionraic, choinnigh sé siar mé.
bheith ionraic to be honest
" Tuigim anois go bhfuil cúrsaí tar éis feabhsú go mór, go bhfuil muintir na hÉireann anois sásta a bheith oscailte agus a bheith ionraic nuair atá deacrachtaí an tsaoil ag luí go trom orainn.
ionraice honest
" Is minic a bhítear ag gearán faoi na polaiteoirí in Éirinn ach is faoi na vótálaithe féin atá sé iarrthóirí a roghnú a bheas níos ionraice agus níos radaicí ná iad siúd a bhfuil an chumhacht acu faoi láthair.
macánta honest
" Tugann sé ardú meanman do dhaoine, dar le Colm Mac Séalaigh, agus cuireann sé leis an taitneamh a bhaineann siad as an spórt nuair a bhíonn an bua ag duine atá macánta agus nach mbriseann na rialacha, leithéidí Phádraig Harrington.
ionraic honest
" Chuir na hÍostaigh rompu ealaín a chruthú a bheadh ionraic agus nach mbeadh cur i gcéill ag baint léi ach measann Ciara Nic Gabhann nár éirigh leo saothar a chur ar fáil a théann i bhfeidhm ar an chroí.
mbeadh sé níos ionraice it would be more honest
" Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh sé níos ionraice tuarascáil a chur ar fáil faoin ‘Dul ar gcúl’ i saol na Gaeilge le trí bliain anuas.