Den chúigear a tógadh ag an aerfort, deir na húdaráis san Indinéis go raibh hearóin ar cheathrar acu i bpacáistí timpeall a gcorp agus tá na pacáistí le feiceáil go soiléir ar scannán.
Dúirt an Príomh-Aire, Lee Hsien Loong, go raibh dóthain hearóine ag Nguyen le 26,000 miosúr hearóine a chur ar shráideanna na hAstráile (gné den scéal nár tugadh mórán airde uirthi sna meáin anseo).