Dheineadh an gadhairín dúr miongharanna dá mháistir an lá ar fad, idir léamair fhadruballacha, ghlice an dúthaigh a ruaigeadh uair go mbeadh a gcinn sa bhruscar bídh, agus phéint a chur ar an sciobóilín cluthar a roinneadar beirt cois Zambezi uair sa bhliain, nuair a thagadh an bláth den chéad uair ar chrainn lasracha an *savannah*.
Dhírigh Erich Lessing a lionsa ar oibrithe Harland and Wolff i mBéal Feirste agus nocht sé ina chuid pictiúr garbhánach dubh agus bán fir chruachaola i mbun a gcuid oibre sa longchlós – roinnt acu ag caitheamh babhlaeir ag an am chéanna.
Rúiseach doscúch é Artur Chilingarov, a bhfuil 80 bliain slánaithe aige, agus an chuma air gur tháinig sé díreach ó ré chlasaiceach na dtaiscéalaithe, féasóg mhairnéalaigh san áireamh.