Tá daoine eile ag rá gur céim chun tosaigh a bheadh ann - go gcinnteodh sé nach mbeadh mná agus trasghnéasaigh leathnochta (nó níos mó ná leathnochta) ina seasamh taobh amuigh de thithe daoine, go bhfaigheadh na striapacha cúram leighis agus go bhféadfaí iad a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann lena ngairm.
Sin roth mór an tsaoil duit: bomaite amháin tá tú ag dáileadh dí ar mhná dathúla, iad uilig gléasta go deas agus réidh le craic a bheith acu, agus an chéad bhomaite eile tá tú ag dáileadh ceapairí agus líomanáide i seomra lán le fir leathnochta, iad ag déanamh réidh don chéad rás eile.