Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seanáitribh ancient habitations
" Tá a seanáitribh fós le feiceáil go hiomadúil mar a bhfuil cathracha is dúnta, liosanna, ráthanna, clocháin, is galláin.
áitreabh habitation
" Cuid d'áitreabh i bhfad níos mó é an foirgneamh seo agus is féidir lá nó cúpla lá a chaitheamh ag féachaint ar na hiontais chloiche ar fad.
lonnaíocht habitation, settlement
" Níl a fhios ag éinne, áfach, cén daonra go beacht a bhí abhus nuair a cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach sa bhliain 1788.
lonnaíocht habitation
" Tá plé ar siúl san Astráil i dtaca le daonra na tíre beagnach ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach sa bhliain 1788.
Níl cónaí ná áitreabh ann there’s neither abode nor habitation there
" Níl cónaí ná áitreabh ann, ach seanchosáin a chleacht na Breatnaigh ar feadh na gcianta, brácaí lucht siúil, agus nead na bhfiach.
lonnaíocht bhuan permanent habitation
" Níor cuireadh tús le lonnaíocht bhuan Eorpach ann go dtí 1835, beagnach caoga bliain tar éis céad teacht i dtír an chine ghil.