Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an nós habit
" Ach fós níl aon fhianaise ann go bhfuil an nós an Béarla a úsáid go minic seachas an Ghaeilge ag athrú.
nósanna habits
" Anuas air sin, úsáideann cuid mhaith suíomh comhaid bheaga ar a dtugtar "cookies" chun níos mó eolais a bhailiú ar nósanna a gcuid cuairteoirí.
Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis He'd adopted every one of his bad habits
" Ní raibh de dhroch-nós dá raibh aige nach raibh leis.
is nós míshláintiúil é it's an unhealthy habit
" Agus féach cad a tharla d'fhísithe ar nós Jeanne d'Arc agus Martin Luther King - is nós míshláintiúil é! Tá suíomh gréasáin Aonad na Gaeilge le fáil ag: www.
nós dearfach teanga positive language habit
" Má bhíonn naíonraí ar ardchaighdeán againn, ansin thig linn a bheith cinnte go ndéanfar nós dearfach teanga a fhorbairt i measc an aosa óig.
nósanna maireachtála living habits
" Mothaíonn go leor de bhunadh na tuaithe gur seo aicme ar leith cathrach atá ag iarraidh saol traidisiúnta na tuaithe a chur i mbaol agus gur ionsaí é ar a saol agus ar a nósanna maireachtála.
nós habit
" Rudaí simplí ar nós cé chomh feiceálach is atá an fógra le haghaidh McDonald's.
nós habit
" Seo ceist nó dhó ar féidir le léitheoirí *Beo!* a machnamh a dhéanamh orthu: Cén dóigh a dtig linn athrú a dhéanamh i measc pobal, a bhfuil nós labhairt na Gaeilge beagnach caillte ag an ghlúin déagóirí atá iontu faoi láthair? Cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge? Cén dóigh a dtig linn na bunscoileanna sa Ghaeltacht a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge san dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus achan ábhar á theagasc go hiomlán trí mheán na teanga? Níl iontu seo a trí cheist shimplí.
nós habit
" Tá na háiseanna traenála go maith freisin ach tá nós an bhua caillte acu le blianta fada.
tá an nós sin briste that habit has been broken
" Ach ní mar sin atá anois, mar tá an nós sin briste.
béas habit
" Is maith an rud go bhfuil béas an mhachnaimh agus na paidreoireachta ar maidin aige mar is dá thoradh seo a cuireadh moill air féin agus ar a chompánach ar maidin an 11 Meán Fómhair 2001.
dhrochnósanna pótaireachta bad heavy drinking habits
" Thug seisean faoin Uachtarán Íosa Mhic Ghiolla Mháire agus faoin mhéid a bhí le rá aici i Virginia Mheiriceá mar gheall ar dhrochnósanna pótaireachta mhuintir na hÉireann.
nósanna habits
" Athrú nósanna ======= "Ag féachaint siar, ní dóigh liom go bhfuil dóigh éasca ann le rá le daoine a gcuid nósanna a athrú," arsa Cunningham, ar fhás a chuid tuismitheoirí aníos in dhá shráidbhaile a bhí gar dá chéile.
nós habit
" Nuair a chaitheann tú do shaol ag taisteal ar na sráideacha céanna, ní bhíonn sé de nós agat de ghnáth féachaint suas ar chomharthaí sráide.
nós habit
" "Beidh, cinnte," an freagra a bhí acu, mar bhain siad an-sult as an Ghaeilge, an tírdhreach, an ceol traidisiúnta le James Byrne agus a chairde, an sean-nós, na damhsaí, an léamh filíochta le Pól Ó Muirí, an fháilte a cuireadh rompu agus an deis a bhí ann a bheith ag caint le daoine as tíortha éagsúla.
nós habit
" Bhí sé de nós a rá i lár an chéid seo caite go raibh an Astráil ag marcaíocht "ar mhuin na caorach".
nós habit
" Tá siad ar nós daoine a ghléasann iad féin mar Lochlannaigh nó mar Ghaeil chun seanchathanna a athchruthú.
ba ghnás leis it was his habit
" Agus ba ghnás leis bualadh isteach chuig Máire Cháit, ag cur a bhirt ina sheasamh taobh amuigh le hursain an dorais, le go ndéanfadh Cáit is é féin beagán comhrá, go n-ólfadh sé blogam tae uaithi agus go gcrochfadh sé buicéad uisce ón tobar di in ómós an tae agus in ómós an chead a thug sí dó scoilb a bhaint ina coill.
nós habit
" Ní bhíonn sé chomh deacair céanna ag mná é seo a dhéanamh, deirtear, mar go bhfuil an nós acu aon rud atá ag déanamh buartha dóibh a phlé lena gcairde nó lena máithreacha.
nósanna caite fo-éadaí undergarment-wearing habits
" In ainneoin go raibh an oíche brónach go leor, bhí an slua sna tríthí ag gáire agus iad ag éisteacht leis ag léamh as cuid de na litreacha a sheol a athair as an Iaráic, agus d'fhoghlaim siad faoi chuid de na mionsonraí a bhain leis na nósanna caite fo-éadaí a bhí ag a athair.
nósanna nua new habits
" Ach taobh amuigh den mhéid sin, tá athruithe nó nósanna nua ag teacht i dtreis nach raibh chomh suntasach sin cheana i gcúrsaí spóirt, sa tír seo ar chuma ar bith, agus tá cúpla dream ann a raibh a mbaint le spórt an-imeallach roimhe seo ach atá anois ag teacht chun cinn de réir a chéile agus a ról agus a dtionchar ag dul i méad ó lá go lá.
nósanna ólacháin drinking habits
" Toisc teanga, stair, traidisiúin, agus nósanna ólacháin na ndaoine seo bheith mórán mar an gcéanna, réitíodar le chéile den chuid is mó agus níor éirigh eatarthu riamh.
dea-nósanna good habits
" Ba chuma leis aon rud sa saol ach an troid, agus dea-nósanna agus compánachas a ghadhair bhig scigiúil.
nós habit
" Chomh maith leis sin ar fad, bíonn laetha speisialta ann i rith na bliana a chomórann gairmeacha áirithe, ar nós lá na múinteoirí, lá na ndochtúirí nó lá na dtógálaithe.
nós habit
" Bhíodh an nós agam bheith ag éisteacht le ceirníní Éireannacha beagnach gach lá agus mé i mo ag éirí aníos.
nós habit
" Ach céard a chiallaíonn siad? Cén pionós a chuirtear ar imreoir a dtaispeántar cárta buí dó 3 nó 4 uair i gcluichí as a chéile? Pionós ar bith, is cosúil.
ndea-nósanna good habits
" Le cois na ndea-nósanna a múineadh dom féin agus don chuid is mó de na páistí Meiriceánacha eile a raibh aithne agam orthu - ag rá go raibh brón ort, ag scríobh nótaí buíochais, ag féachaint an dá threo roimh dhul trasna na sráide, ag athrú do chuid fo-éadaí gach lá, agus ag sruthlú an leithris *gach *uair a d'úsáid tú é - cothaíodh an tírghrá ionainn chomh maith.
nósanna habits
" "Action Kids" an t-ainm atá ar an gclár, agus é mar aidhm aige nósanna maithe aclaíochta agus cleachtadh coirp a mhúineadh do na gasúir nuair a bhíonn siad an-óg, ag súil is go leanfaidh siad ar aghaidh leo nuair a éireoidh siad níos sine.
nós habit, practice
" Fuair muid amach, mar shampla, go bhfuil nós ag mórán Iodálach, agus iad ag taisteal go tíortha eile, inneall caife a thógail leo ina mála.
ó thaobh nósanna léitheoireachta de as regards reading habits
" Tá bearna mhór ansin atá ag déanamh dochar an-mhór ó thaobh nósanna léitheoireachta de.
déan iarracht éirí as an nós try to give up the habit
" Pointe eile faoin tsláinte: Má chaitheann tú, déan iarracht éirí as an nós.
nós habit
" Feachtas ======= Tá Simon Kelly gníomhach san fheachtas ASH (Action on Smoking and Health) a bhunaigh an Royal College of Physicians i 1971 leis an lucht caite tobac a spreagadh le héirí as an nós agus sláinte daoine eile a chosaint ó chaitheamh fulangach.
nós nua-aimseartha modern habit
" An samplaí de chruthaitheacht ealaíonta na n-ainmhithe seo a leithéid nó, murab ea, cad é an míniú atá orthu? An Seansaol ======= Maidir le nós imeachta an chait, mar shampla, tá fianaise ann nach nós nua-aimseartha é seo agus go raibh meas ag muintir na sean-Éigipte ar na hiarrachtaí ealaíonta a dhéanadh a gcuid cat féin.
nós habit
" Is iontach an nós é mar, má chuireann tú an phíb ort, seans go gcasfaidh tú cúpla ceann.
drochnósanna bad habits
" * Gluais &#149; Glossary glúin nuaa new generation brívigour ag dul ó neart go neartgoing from strength to strength fiontar foilsitheoireachtapublishing enterprise cnuasach gearrscéaltacollection of short stories cé gur mhionnaigh Artairalthough Artair swore slíomairesmooth, flattering, hypocritically friendly person saint an ghoilethe greed of his stomach a chomhairle a athrúto change his mind ar fheabhas uiligabsolutely excellent osnasigh ar chúl an mhuinílbehind the neck muisiriúnmushroom ní réitíonn siad sin liom beag ná mórthey don&#148;t agree with me at all snaghiccups gráinnínpinch cainéalcinnamon síoltaseeds a sháith biaenough food ag cruthú rud úrcreating something new má thuigeann tú leat méif you know what I mean a sheachaintto avoid muiníntrust blastatasty ordóg coisetoe an iarraidh sinthis time cnapheap á ghreadadh go cúramachcarefully mixing it babhlabowl scilléadskillet shamhlaigh séhe imagined go díbhirceacheagerly subhachascheerfulness ag leathadhspreading geirfat bréanfoul doilighdifficult a chreidbheáilto believe ar leithseparately mar a thit rudaí amach domhow things worked out for me ní raibh dadaidh le fáilthere was nothing available i mo ghlacin my hand ag diúlsucking bhí an t-ádh dearg ormI was dead lucky dea-chumthashapely láchfriendly fialgenerous níor bhlais mé riamhI never tasted faic na ngrástnot a thing ag cuimilt a béilrubbing her mouth a mháshis thigh seanmóireachtpreaching greimbite iomrámention deisopportunity luachmharvaluable seanchaslore as ar fáisceadh iadfrom which they were wrought doilíssorrow, difficulty i leathchogarin a half-whisper iad a chur i ngníomhto put them in action seal beag gearra short period sa Nua-Shéalainnin New Zealand ina ghabhalcrotch ag sápressing críonmhíoltawood-worms corrachprojecting lorgashin damanta nimhneachdamn sore scoilteadh a chraiceannhis skin was split crá gan mhaolútorment without alleviation chun an tí bhigto the toilet ina gcuideachtain their company báisteach mhillteanachterrible rain foscadhshelter a bhaint amachto reach ag bleadaracht go díchéillíblattering senselessly scaiftecrowd ag casachtachcoughing breallánfool millteanach dóighiúilextremely pretty as miosúrextraordinary gan choinneunexpected blas searbha sour taste breis agus a sáithmore than her fill strambánachlong-winded smut féin den fhírinneeven a small bit of truth é a thionlacanto accompany him a bhéarfadh íthat would take her críochend gan mhórchuid náirewithout a lot of embarrassment gnóthachbusy straois léanmharwoeful grimace trína gruaig mhín bhánthrough her soft white hair sula bpléascfadh a lamhnánbefore his bladder would explode ag cogaint a spúnóigechewing the spoon déaraimislet us say drochnósannabad habits tuairimíopinions cogaíwars slí mhaireachtála fholláinhealthy way of life a mhealladhto coax a chuir fíorionadh uirthiwhich really surprised her ag cur tharstutalking away go díbhirceach dícheallacheagerly and diligently d&#146;fholmhaigh séhe emptied sásarsaucer doirtealsink thriomaigh éhe dried it slachtmhartidy á thionlacan féinaccompying himself sultmharenjoyable spídslander gan mhuirnwithout tenderness magairlítesticles nuair a dheifrigh Artair tharstu de léimwhen Artair hurried past them with a jump <t
cleachtadh habit
" Ba é an cleachtadh a bhí aige go dtí sin ná pailéad dorcha gruama a úsáid agus é ag léiriú an tsaoil laethúil a bhí á scrúdú aige ina thír dhúchais, an Ísiltír.
drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, the bad habits of football, to be honest about it,
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 &ndash; teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
go n-éireoidh siad as an nós gránna sin that they'll give up that ugly habit
" Tá súil agam go n-éireoidh siad as an nós gránna sin feasta.
nósanna maireachtála living habits
" De bharr an chlú atá air mar bhaile a chuireann fáilte roimh dhaoine a bhfuil seasaimh, dearcadh agus nósanna maireachtála acu atá éagsúil, tagann ealaíontóirí de gach sórt chun na háite.
a chuid nósanna. his habits
" Chum síceolaithe an téarma “*anally retentive*” le cur síos a dhéanamh ar dhaoine atá éisealach, críochnúil agus rianúil, agus gan dabht, thiocfadh leat tic a chur sa bhosca sin maidir le Warhol agus a chuid nósanna.
nósanna eile léitheoireachta, other reading habits
" Baineann na seanscéalta le haois eile agus le nósanna eile léitheoireachta, aois inar léigh daoine seanchas le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin nó le heolas a chur ar an chanúint ab fhearr leo.
nósanna an-difriúla very different habits
" Thug muid faoi deara go bhfuil nósanna an-difriúla ag na Aixois, is é sin, tá siad tugtha do roinnt leitíse a bhrú timpeall ar phláta le forc gan a dhath a ithe.
nós cúnta the habit of helping
" An sluafhoinsiú Ach ní féidir an milleán a chur ar aithreacha an idirlín (agus b’aithreacha iad don chuid is mó, ach sin alt eile ar fad!) Bhí fís acu agus maireann, go pointe áirithe, an nós cúnta a thosnaigh leis an gcéad “*Request for Comments*”.
drochnós a bad habit
" Bhíodh sé de nós agam liosta fada ‘nithe le déanamh’ a scríobh i leabhar nóta agus lánfhios agam gur drochnós a bhí ann.
nósanna habits
" Tá an tsochaí iar-nua-aoiseach fuadrach seo ag cur tús le nósanna, le níl a fhios c’fhad, don chuid eile den domhan.
nósanna habits
" Ní bhíodh na nósanna a bhaineann leis an tsochaí ag cur srianach air a thuilleadh ansin.
drochfhaisean a bad habit
"drochfhaisean agam gan a bheith ábalta tionscadal atá ar bun agam a thabhairt chun críche.
Ba nós liom it was a habit of mine
" Ba nós liom Foinse a fháil ón siopa is goire dhom ar an Satharn, agus sásamh a bhaint as ag an mbricfeasta.
nós habit
" org/wiki/O'Tuathail) Sléachtú na Sloinnte De réir an leabhair cháiliúil “Irish Families” le Edward MacLysaght, bhí an nós sin coitianta go leor i measc mhuintir na tíre seo ón ochtú haois déag i leith, is é sin, gur ghnách le daoine an ‘Mac’ nó an ‘O’ a fhágáil ar lár as sloinnte Gaelacha.
dtaiséadach a habit
" Léirití iad mar neacha borrtha, gléasta i dtaiséadach, agus a n-aghaideanna ar lasadh leis an fhuil úr a bhí súite acu as na beo.
nós habit
" Bhuail mé isteach in RTÉ Montrose dhá lá ina dhiaidh sin le casadh le bean Ráth Cairn, nó leis an ‘gcaorthanach lasánta’ mar is nós le corrliarlóg a thabhairt ar Bhláthnaid.
drochnós a bad habit
" SMM: An léann tú mórán, irisí, nuachtán nó leabhar? BNC: Tá drochnós agam gan a bheith ag léamh agus feictear dom’ iníon gur rud an dearfach a bheith ag léamh.
nós habit
" com/watch?v=aLjQHGyBVhY) Ach níl aon ghá duit dul go dtí An Clachán chun na seantithe a fheiceáil, mar is é an nós atá ag Conallaigh ná teach nua a thógáil in aice leis an seancheann a bhí acu.
nós habit
" Agus ar ndóígh tá a shlí féin ag ainmhithe áirithe chun dul i ngleic leis an gheimheadh: codlaíonn cuid acu, ar nós na gráinneoige, an geimhreadh amach; agus fágann cuid acu, an fháinleog cuir i gcás, an tír ar fad agus tugann siad aghaidh ar thír a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí ann.
gur ghnách was the habit
" Is amhlaidh gur ghnách foirgnimh adhartha a thógáil cois abhann.
nós a habit
" Ní bhíonn aon easaontas eadrainn riamh maidir le traenáil agus dornálaíocht, ach taobh amuigh de sin, ar nós aon iníon agus athair bíonn corrfhocal eadrainn anois is arís ach ní mórán é.
nósanna ólacháin drinking habits
" Tá Fianna Fáil agus an Páirtí Glas sásta cionn is nach mbeidh aon fhreagracht orthu as an gheilleagar níos mó, agus go mbeidh aird an phobail ar rud inteacht eile seachas ar nósanna ólacháin an Taoisigh.
na ngnás eagarthóireachta the usual editing habits
" Mar sin, tugann Kiarostami dúshlán na ngnás eagarthóireachta agus inste scannáin atá ina bhíobla sa ghairm againn ó aimsir Eisenstein agus ‘Sraith na gCéimeanna Odessa’ anall - bíodh is nárbh Eisenstein amháin a chum ná a cheap na bun-choischéimeanna graiméara scannáin sin.
nóis habit
" Ós rud é go bhfuil gnásanna éagsúla ann ar fud na Státseirbhíse ar bhonn nóis agus cleachtais, táim ag socrú freisin go ndéanfar comhairliúchán leis na Ceardchumainn Foirne.
Ba nós le daoine people had the habit
" Ba nós le daoine i dtíortha uile na hEorpa sa Mheánaois féasta a chaitheamh ar oíche na féile chun buíochas a ghabháil le Dia tar éis dóibh an Fómhar a thabhairt isteach.
Is nós leis it’s the habit
" Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia.
de nós of a habit
" Ní raibh sé de nós ag Ní Mhaolagáin a bheith ag scríobh as Gaeilge, ach scríobh sí an-chuid faoina taithí sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.
is é an nós it’s the habit
" Bhíodar den tuairim go raibh duine ag cur cistine isteach nó ag athchóiriú seomra folctha! Díbirt an Uaignis ======== Le roinnt blianta anuas, is é an nós atá ann sa Fhrainc ná go roghnaítear tionscadal náisiúnta a mhairfidh ar feadh bliana, tionscadal a mbeidh ranna rialtais agus eagraíochtaí carthanachta ag obair air agus a rachaidh chun sochair an phobail ar fad.
drochnósmhaireacht seo this bad habit
" Bheinn ag súil go gcuirfí deireadh leis an drochnósmhaireacht seo agus gur i nGaeilge a reáchtáilfí aon imeacht sa nGaeltacht a gheobhfadh tacaíocht airgid ó Údarás na Gaeltachta.
nós habit
" Scaip cultúr caochta na súl agus nós bronnta na gclúdach litreach ar fud an chórais riaracháin.
nós habit
" Bíonn sé de nós ag na hAstrálaigh ainmneacha a ghiortú agus an foirceann ‘–ie’ a chur leo, agus tugann siad *‘pokies’* orthu.
Is gnás linn we have a habit
" Is gnás linn fáilte a chur roimh an stróinséar, ach thabharfadh Banríon Shasana dúshlán ar leith dúinn.
nós habit
" Is ceirneoirí iad na tráchtairí seo go bunúsach, agus tugtar shock jocks orthu de bharr go mbíonn sé de nós acu oilbhéimeanna a scagadh, nó go fiú a chothú go minic.
a mba nós leo who were of the habit
" Go dtí le gairid, bhí faitíos ar an rialtas gníomhú go polaitiúil in aghaidh mianta coiméadacha na nEaspag, a mba nós leo treoracha a leagan síos don rialtas ó Mhaigh Nuad mar a dhéanadh Ayatollah Khomeini san Iaráin, th’éis don tír sin fáil réidh leis an Shah.
gnás habit
" Is gnás sa Chóiré, is cosúil, má íoctar cúiteamh airgid a shásaíonn teaghlach íobartaigh, agus muna leagtar gearrán in éadan lucht déanta na coire sin ag éinne eile ar ball, nach gcuireann na póilíní a ladar isteach sa scéal.
ghnás habit
" Shéid na rachmasóirí seo, a bhfuil sé mar ghnás acu dul i bhfiontar le hairgead daoine eile, bolgán sealúchais a phléasc go tubaisteach i 2008, agus a d'fhág daoine fud fad an domhain gan choigealtais, gan phoist, gan díon os a gcionn, agus gan dóchas.
seanchleachtais a chaitheamh uathu get rid of old habits
" Bhíodar ag iarraidh na seanchleachtais a chaitheamh uathu agus bealach nua foirfe saoil a aimsiú.
do chuid nósanna caithimh a thuiscint to understand your spending habits
" Tá neart feidhmchláiríní ann freisin chun do chuid costaisí a thaifeadadh, rud a chabhródh go mór leat do chuid nósanna caithimh a thuiscint.
a gcuid gnásanna their habits
" Ach is beag glacadh a bhí ag Boyle leis an freagra sin: *"You didn't know that the people in the west of Ireland speak Gaelic and I'm the idiot!"* Céad faraor nach bhfuil Gardaí i gceantair Ghaeltachta áirithe chomh tuisceanach céanna is a bhí Boyle ar an phobal theanga agus ar a gcuid gnásanna.
is nós le go leor it’s a common habit for many
" In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh nó dhó a ramhrú i gcónaí.
Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne the old habit of artistic accusation
" Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne ============= Is seanchleachtadh le fada i measc ealaíontóirí agus ceoltóirí a gceird a úsáid chun aird a tharraing ar éagóir agus ar mhí-úsáid údaráis ar nós *‘Anarchy in the UK’* leis na Sexpistols agus *‘Blowin’ in the wind’* le Bob Dylan, *‘A change is gonna come’*, le Sam Cooke agus ‘O, Mo Bheirt Phailistíneach’ le Michael Davitt.
gnásanna seanbhunaithe long-established habits
" Fear paiseanta, gealgháireach agus uaillmhianach is ea Whelton ach níl sé sásta glacadh le gnásanna seanbhunaithe.
Bhíodh sé de nós agam I had the habit of
" Bhíodh sé de nós agam é a fhreagairt i mBéarla go díreach d’fhonn cur isteach air.
ag foghlaim drochnósanna learning bad habits
" Mar sin, cosúil le híomhá choitinn na máthar, táim buartha go bhfuil siad ag foghlaim drochnósanna a mbeidh tionchar acu ar a sláinte anois agus amach anseo.
drochnósanna gránna leithleacha drabhlásacha sloppy, selfish, horrible, bad habits
" “Tá bainc na hÉireann i ndiaidh na drochnósanna gránna leithleacha drabhlásacha a bhí acu a chaitheamh i dtraipisí.
ag iarraidh deireadh a chur leis an nós trying to end the habit
" Tuigim fosta cad tuige go mbeadh an tAire Quinn ag iarraidh deireadh a chur leis an nós go dtugtar buntáiste iontrála do dhalta a bhfuil a chuid deartháireacha nó deirfiúracha ag freastal ar an Ghaelcholáiste.
nósanna nár réitigh sé féin leo habits he didn’t agree with
" Má sheas aon imreoir ina choinne, a chuid modhanna a cheistiú nó locht a fháil air féin nó ar chomhimreoirí eile, nó má chleacht imreoir nósanna nár réitigh sé féin leo, níor leasc leis scaoileadh leis.
bhíodh sé de nós ag daoine people had the habit
" Le roinnt blianta anuas bhíodh sé de nós ag daoine carranna nua a cheannach ag tús na bliana.
ag an scéal atá briseadh nóis the story has the breaking of habit(s)
" B’fhéidir gur ag Nós a bhí briseadh scéil, ach is cinnte gur ag an scéal atá briseadh nóis.
an nósmhaireacht uafásach sin that terrible habit
" Ba cheart go gcuirfeadh socrú Bhóthair Haddington deireadh leis an nósmhaireacht uafásach sin, mar anois caithfidh na múinteoirí uair a chloig breise a thabhairt don scoil in aghaidh na seachtaine, le linn na scoilbhliana, le nach mbeifear ag cur gasúir abhaile nuair a theastaíonn ón bpríomhoide cruinniú a reachtáil leis na múinteoirí.
Tá sé de nós ag an saol mór everyone has the habit of
" Tá sé de nós ag an saol mór (ceist a chur ar Google)(<http://www.
ag athrú sean-nós na geandála changing the old habit of dating
" Tá an tindreáil ag athrú sean-nós na geandála nó an tochmhairc in Éirinn.
a chuid nósanna ólacháin his drinking habits
" B’fhéidir go ndéanfadh sé machnamh ar a chuid nósanna ólacháin.
ní dual do mheáin an Iarthair western media doesn’t have the habit of
" Ar an drochuair ní dual do mheáin an Iarthair an dea-scéala a thabhairt dúinn ón Afraic.
Bhris sé nós agus béascna na mblianta he broke the pattern and the habit for years
" Bhris sé nós agus béascna na mblianta i ndiaidh na hócáide nuair a cheannaigh sé deoch do Bhalor i dtábhairne Doheny and Nesbitts.
Ba nós le it was the habit
" Ba nós le Hitchcock a leithéid – Rear Window’ (1954), ‘Vertigo’ (1958), ‘North by Northwest’ (1959), agus ‘Psycho’ (1960).
i nósanna spraoi in the playing habits
" Nuair a bhí mise i mo ghasúr bhí an spórt lárnach i nósanna spraoi gasúir na háite.
is é ag machnaimh ar a nósanna brabhsála as he contemplated his browsing habits
" com/commentisfree/2006/aug/17/collateraldamageinthebroad> (sea, réamhstair an idirlín!) is é ag machnaimh ar a nósanna brabhsála: “*I've found that, for me at any rate, it's not more information but more thinking that satisfies.
gcluichí Gaelacha a mhúineadh to teach (the habits) of the Irish games
" Beidh daoine de dhíth chun rialacha agus béascnaí na gcluichí Gaelacha a mhúineadh do mhuintir Sky agus do na daoine sin ar fad ar fud an domhain a bheas ag coimhéad na gcluichí craoibhe ar Chainéal na Spéire.
nósanna cumarsáide úrnua brand new habits of communicating
" De réir a chéile, táimid ag dul i gcleachtadh ar nósanna cumarsáide úrnua atá saor ó rialacha agus ó chaighdeáin.
Ba ghnách leis an bheirt acu both (they) were of the habit
" Ba ghnách leis an bheirt acu dul ag ól le chéile i Montparnasse áit ar chaith siad, de réir dealraimh, sealanna pléisiúrtha 'tostmhara' i gcomhluadar a chéile.
a raibh sé mar nós agam é a cheannach go rialta which I bought regularly as a habit
" Taobh amuigh de sin, mar chainteoir Ghaeilge, aireoidh mé uaim an t-aon nuachtán seachtainiúil Ghaeilge, a raibh sé mar nós agam é a cheannach go rialta.
dea-nósanna nice habits
"dea-nósanna sa cheantar a chuidíonn leis an dúlra, cuirim i gcás, baint an fhéir le speil agus ag déanamh cocaí agus cruach féir le píce.
a mhíníonn nós atá ag imeacht as go tiubh which explains a habit fast in decline
" Ar m’fhocal! Anois, tá focal iontach ag an Duinníneach a mhíníonn nós atá ag imeacht as go tiubh, mura bhfuil sé imithe ar fad ar fad: MANGLAM DOD: ‘*a morning croon while preparing breakfast*’.
drochnósanna bad habits
" Is ar thuismitheoirí atá an fhreagracht a chinntiú nach gcleachtaíonn siad drochnósanna, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.