Is tostach an té a sheasfas i scuaine fada lena bhileog ghuthaíochta a chartadh isteach i mbosca na vótála ar nós burla páipéir a theilgfí sa bhosca bruscair.
Cérbh í Bernadette?
=========
Mar a deir sí féin, ba ghnáthdhuine í Bernadette Ní Dhoibhlin ón aicme oibre Caitliceach, a fáisceadh as an bhfeachtas a bhí ar bun ag NICRA (Gluaiseacht na gCearta Síbhialta i dTuaisceart Éireann), le cothromaíocht a fháil do Chaitlicigh/náisiúnaithe i dtaobh guthaíochta, i dtaobh fostaíochta agus i dtaobh tithíochta.
Guthaíocht faoin Teorainn
Leis an fhoréigean a bhain le laghdú líon na laethanta a mbeadh brat na Breataine ar foluain os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, tuigeann muid cén fáth.