Cé as a dtiocfaidh feabhas is athfhás na tíre? Cén fáth nach bhfuil an tóin ag titim as éileamh na gaelscolaíocht mar a chéile? Tá muinín éigin dothomhasta i muintir na tíre seo, thar mar a bhí leathchéad, nó scór go leith bliain ó shin agus b’fhéidir gur méar ar eolas do fhreagraí na gceisteanna thuas an ghaelscolaíocht, cá bhfios? D’ainneoin íomhá na
máthar gustalaí atá in ann a leanbh a thiomáint chun na gaelscoile i dTouareg, gurb í an ghaelscolaíocht go minic an t-oideachas is ilaicmí chomh maith le bheith ar an chineál oideachais is mó éileamh faoi láthair.