Cad chuige sin? Nach raibh na scileanna ag bunadh Chluain Ard nó an raibh siad dofhoghlamtha acu? Nó an "*an irrational hatred*" a bhí ann nach ligfeadh d'ollfhostóirí mar Mackies gan ach dornán postanna a chur ar fáil do Chaitlicigh?
Fiú má bhí ráiteas an Uachtaráin amscaí, tá súil agam go dtosóidh sé díospóireacht fán seicteachas atá chomh beo bríomhar inniu agus a bhí sé nuair a tháinig
gunnadóirí dílseacha trasna Shráid Cupar i 1969 le mo chomharsanaigh a dhó amach as a dtithe i Sráid Bombay agus i mo shráid féin, Kashmir Road.