Ach de bhrí gur tharla sé díreach roimh an toghchán, tá an chuma ar an scéal go raibh an ceart ag Marlin - is é sin, go bhfuil tábhacht an-mhór ag baint le vótaí na gCaitliceach Gael-Mheiriceánach (agus Caitlicigh ó ghrúpaí eitneacha eile) sa rás le huachtaránacht na Stát Aontaithe a bhaint amach.
Os a choinne sin, d’fhéadfadh duine a shamhlú go mbeadh conspóid ollmhór ann dá mba rud é gur grúpa eitneach eile a bheadh i gceist a bhfuil líon níos mó scoláirí aige i scoileanna poiblí na cathrach.
Ní raibh Brendan sásta a bheith ag sodar i ndiaidh na nGall agus le misneach mór, labhair sé amach go láidir ar son na nÉireannach, an grúpa eitneach mionlaigh ba mhó sa Bhreatain.