Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghobharnóir governor
" Fuair sé post ag obair ar an chéad fheachtas a bhí ag Hugh Carey, a bhí ann ghobharnóir ina dhiaidh sin, agus ina dhiaidh sin arís bhí Cunningham páirteach i gclár stáit a chuir oibrithe go dtí an Kennedy School of Government i Harvard ar feadh bliana.
iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra to submit an application to the governor
" Iarratas ======= Chun gur féidir le príosúnach den Chineál A cuairt a fháil ó dhuine éigin, caithfidh sé iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra ar fhoirm oifigiúil agus ainm agus seoladh an chuairteora air.
mar ghobharnóirí as governors
" Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí.
gobharnóirí governors
" Ar an gcéad leibhéal eile – leibhéal an stáit – toghtar ionadaithe chun rialtais na stát, ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu sa chaoi is go bhfuil gobharnóirí – a fheidhmíonn mar uachtaráin – seanadóirí agus teachtaí comhdhála i gceist.
ard-ghobharnóir mná a female governor general
" Quentin Bryce is ainm don chomharba agus den chéad uair i stair na tíre, beidh ard-ghobharnóir mná san Astráil.
Gobharnóir governor
" Is é an t-aon rud atá ar eolas againn ná go bhfuil iarrthóir leasuachtaránachta roghnaithe ag an Seanadóir John McCain: Sarah Palin, Gobharnóir Alaska.
gobharnóir governor
" An chéad rud ná mana an choinbhinsiúin ("*Country First*"); an dara rud ná na glaonna a bhí ag teacht ón slua go spontáineach, mar dhea ("*Drill baby, drill!*"); an tríú rud ná an méid cainte a bhí le cloisteáil faoi iarrthóir leasuachtaránachta an pháirtí, Sarah Palin, ar gobharnóir Alasca í.
rialtóirí airgeadais finance governors
" Ó thosaigh sé i ngairm na hinfheistíochta i 1960, fuair sé aithne ar an lucht airgeadais ba mhó agus ba thábhachtaí ar domhan, ina measc polaiteoirí mar Elliot Spitzer (iarghobharnóir Nua-Eabhrac), lucht cultúir mar Stephen Spielberg agus Zsa Zsa Gabor, agus rialtóirí airgeadais na tíre.
rialtóir governor
" Maigh gCabraí ====== I mí na Nollaig 2009, d'éirigh Steve Rodford as a phost mar rialtóir Charcair Mhaigh gCabraí i ndiaidh do eochróirí theacht ar a mhionsonraithe pearsanta i gcillín ina raibh cime easaontóra, Brendan McConville.
rialtóir na carchrach the prison governor
" Cuireadh an diltálaire isteach, agus fanadh ar ordú rialtóir na carchrach.
ceannaire na rialtóirí príosúin the prison governors leader
" Agus beidh siad ag íoc as an £30,000 an duine a chosnaíonn sé chun coirpeach a choinneáil ar an leaba chláir ar feadh bliana, i gcarcracha atá beagnach lán anois mar gheall ar an *"feeding frenzy in sentencing"* a tharla tar éis na gcíréibeacha, de réir Eoin McLennan-Murray, ceannaire na rialtóirí príosúin.
rialtóir governor
" Díríonn an taispeántas ar na blianta idir 1480 agus 1490, a chaith da Vinci mar phéintéir cúirte do Ludovico Sforza, rialtóir Milano, agus de réir Nicholas Penny, stiúrthóir na dánlainne, éacht mór taidhleoireachta a bhí ann na pictiúir seo uile a fháil ar iasacht ó dhánlanna éagsúla ar fud an domhain.
rialtóir governor
" Ba é, go deimhin, a d'eagraigh scéim árachais poiblí i Massachusetts nuair a bhí sé ina rialtóir ansin.
mar rialtóir ar as governor of
" Is dócha gurb é sin an faraor géar is mó dó, mar is léir cheana féin óna stair mar rialtóir ar Massachusetts gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár, seachas ó dheireadh na heite deise.
rialtóir ramhar the fat governor
" Ach na coinbhinsiúin – is léir go bhfuil an Páirtí Poblachtach ag luascadh i dtreo na heite deise, ach is beag duine ón taobh sin a bhfuil tarraingt aige i measc na cosmhuintire, taobh amuigh de Chris Christie, rialtóir ramhar Nua-Gheirsí.
urraim do rialtóir respect for the governor
" Tugann Emanuel de Witt urraim do rialtóir agus do fhuascailteoir na hÍsiltíre, Liam Flannbhuí, ina shaothar Taobh Istigh do Kerk Nua Delft agus Lusca Tuama Liam II ‘An Tostach’ (1653).
shínigh rialtóir an stáit sin the state governor signed
" D'athraigh sin i 2009 nuair a shínigh rialtóir an stáit sin, Arnold Schwarzenegger, dlí ag aithint ‘lánúnas’, ach gan an focal ‘pósadh’ a úsáid.
in aghaidh leasghobharnóir against the vice-governor
" Cá bhfuil Sarah Palin, a raibh cáil dhomhanda uirthi cúig bliana ó shin, agus nach bhfeictear í ar chor ar bith níos mó? Is é taoiseach neamhoifigiúil na gluaiseachta faoi láthair ná Ted Cruz, seanadóir a toghadh anuraidh, nuair a bhuaigh sé ainmniúchán a pháirtí in aghaidh leasghobharnóir Téacsas.
rialtóir governor
" Luaigh an Dr Moyo Patrick Henry, rialtóir Virginia a dúirt i 1765: “*Give me liberty or give me death*” ach tá daoine sna tíortha is boichte ar domhan compordach leis an diabhal ‘saoirse’ má chiallaíonn sé go mbeidh siad níos fearr as ó thaobh mhaoin shaolta de.
nach raibh acu ach rialtóirí conspóideacha who only had controversial governors
" Á muise, bíodh trua agat do phobal Nua-Gheirsí, nach raibh acu ach rialtóirí conspóideacha le deich mbliana anuas.
rialtóir governor
" Rialú de Dhíth ===== “Thuigeamar i gcónaí an tábhacht a bhain le rialtóir san earnáil seo agus bhí díomá orainn go léir nár cuireadh an bonn faoi go dtí go raibh géarchéim.
ról ard-ghobharnóir na hAstráile, Governor General of Australia
" Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.
rialtóir the governor
" Tá Brian Ó Broin ag faire ar eachtraíocht Scot Walker, rialtóir Wisconsin, a bhí chomh tréan in achar seachtaine is gur tionscnaíodh éirí amach i gcoinne a reachta.
rialtóir governor
" Ní chuidíonn siad le duine ar bith eile ná le rialtóir Nua-Gheirsí, Chris crosta Christie, dar le Brian Ó Broin.