net), fiontar idir-rialtais a bunaíodh le cuidiú le hathnuachan an traidisiúin Ghaeilge an dá thír, agus a ghlac páirt lárnach i bhforbairt Leabhar Mór na Gaeilge.
Ach comhaontú ilpháirtí ilrialtais is ea é, a raibh baint ag na mílte duine leis thar na blianta – gach polaiteoir a bhí ag feidhmiú thar ceann a phobail féin agus gach máthair ar cailleadh a páistí sa chogadh díchéillí uafásach.
Mhol meitheal faire de chuid an rialtais in Éirinn an mhí seo caite, mar shampla, lón pacáilte a chrochadh leat chun na hoibre in áit an lón a cheannach gach lá.
Baintear an-leas as i gcláracha faisnéise polaitiúla le bolscaireacht an rialtais a chur chun cinn agus ainneoin dreach an fhir ghrinn a bheith air in amanna, éiríonn cuíosach maith leis agus é i mbun argóna.
’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush.
Ar ndóigh, is é atá i gceist leis an Straitéis Fiche Bliain ná plean cuimsitheach rialtais ag a mbeidh lántacaíocht an stáit leis an nGaeilge a chur chun cinn taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus, don chéad uair, tá plean comhtháite againn leis an nGaeilge a chur chun cinn.