Faoi theacht an tsamhraidh bhí Balor ag maíomh: "Is Eorpach mé ó bhonn mo chrúibe go barr mo bhraoi, ó log m'imleacán go gleann mo thóna!" Bhí cúis aige lena mhaíomh sin agus é ag caoineadh lán a shúile de dheora goirte i ndiaidh do phobal bradach na hÉireann diúltú do chomhairle Bhertie i dtaca le Conradh Nice.
Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?”
D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní.