Go minic, nuair a smaoiníonn daoine ar shiopaí ina ndíoltar úrscéalta grafacha seans go mbíonn íomhá ina n-intinn d’fhir óga goiríneacha agus cuma cineál gruama orthu, an saghas duine a bheadh le feiceáil i siopa mar Forbidden Planet i mBaile Átha Cliath.