Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
as loic ar na geallúintí for going back on the promises
" Ba léir ó na cláracha raidió le linn na bliana go raibh an pobal an-díomách leis an rialtas as loic ar na geallúintí a rinneadar roimh an toghchán deireanach.
ag dul anonn is anall going over and back
" Bhíodh an-chuid taistil á dhéanamh agam thart fán am sin agus nuair a bhíonn tú ag dul anonn is anall idir do bhaile agus an Astráil, an tSeapáin agus an tSín go minic – agus obair le déanamh agat chomh luath is a thig tú den eitleán ar an taobh eile – creideann tú go bhfuil grád gnó tuillte agat agus, i ndáiríre, ar an rud is bunúsaí a thiocfadh le d’fhostóirí a thabhairt duit.
siar sa stair going back in time
" **SMM: Ab é gur dream briste cloíte iad muintir na hÉireann?** SÓC: Riamh, cheapfainn! Thosaigh mo mhac, atá san ollscoil, ag plé an scéil lá amháin, siar sa stair.
nach bhfuil aon chúlú siar that there’s no going back
" Ní raibh gíog nó míog as éinne i gcoinne an mhéid a dúirt an tAire mar gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis, ní hamháin i nGartan ach ar fud na hÉireann nach bhfuil aon chúlú siar nó athrú treo le tarlú i dTionscnamh na hEorpa.
Níl Aon Dul Siar there’s no going back
" ”* Níl Aon Dul Siar ====== Tá Nick Taylor den tuairim nach bhfuil aon bhealach ar ais ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, cé go raibh sé deacair i mbliana leis na hagóidí faoin bhrat an aontais i mBéal Feirste: *“They cost the economy millions.
ag gabháil siar going back
" (gáire) Sin ag gabháil siar 1996.