gona fheisteas go léir
with all its trappings
Ach in ainneoin gur teach ón naoú haois déag
gona fheisteas go léir atá i gceist, is taispeántas stairiúil de chuid an 21ú haois amach is amach é.
go gcuire Dia rath orthu go léir
may God bring them all prosperity
Chorcaí, gan trácht ach ar bheagán díobh,
go gcuire Dia rath orthu go léir.
Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir
the news of his death really shocked all of us
Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir a raibh cion agus meas againn air.
ag méadú an t-am go léir
increasing all the time
Ní hamháin go bhfuil cleachtadh ag daoine thíos fán tuath ar tháillí bruscair agus eile a íoc le blianta anuas, ach tá na táillí sin
ag méadú an t-am go léir.
a ndea-thréithe go léir
all their good points
Freagraíonn Nixon é leis an tseoid seo de líne: "Ar ndóigh, tá a fhios agat gur tragóid uafásach é, mar go bhfuil an Bhreatain, in ainneoin
a ndea-thréithe go léir, tugtha do chúrsaí a láimhseáil go mícheart i gcónaí in Éirinn … Agus níl a fhios agam an bhfuil siad ag láimhseáil cúrsaí go mícheart anois nó nach bhfuil.
sna meáin náisiúnta go léir
in all the national media
Pléitear é seo
sna meáin náisiúnta go léir, istigh i bpubannaí, ag stáisiún an Luais, ar ghalfchúrsaí, in oifigí agus i mórán áiteanna eile nach iad.
ceiliúradh a dhéanamh orthu go léir
to celebrate them all
Anois, tá daltaí as aon chultúr déag éagsúla ag freastal ar Lios na nÓg agus tá sé mar chuspóir ag an scoil
ceiliúradh a dhéanamh orthu go léir agus aitheantas a thabhairt dóibh.
Ina fhianaise sin go léir
in light of all that
Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
Ina fhianaise sin go léir
in light of all that
Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
scoite amach ón rírá go léir
isolated from all the hubbub
Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím
scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
téann sé dian orthu go léir
they all find it hard
Ach
téann sé dian orthu go léir an t-idirdhealú a dhéanamh idir leas an náisiúin, leas an rialtais agus leas an pháirtí, gan trácht ar leas pearsanta an cheannaire féinig.
is léir go bhfuil an-rath air cheana féin
it's obviously very successful
Cé nach bhfuil Stillwater Communications, an comhlacht a bhuanaigh sí lena deartháir Cilian, ach bliain ar an saol,
is léir go bhfuil an-rath air cheana féin.
mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir
all the important Irish speakers of Dublin
Ach, sa deireadh bhí mé tagtha go dtí an pointe go raibh
mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir curtha faoi agallamh agam níos mó ná uair amháin.
na daidithe go léir
all the dads
Ag leatham ansin, chuaigh
na daidithe go léir suas.
Bhlaiseamar go léir den chorn
we all tasted what was in the cup
Bhlaiseamar go léir den chorn agus cuireadh thart timpeall an tí é amhail is gur Corn Mhic Cárthaigh féin a bhí ann!
Anois, suíonn Corn an Athar Uí Mhurchú go huaigneach san áiléar sa teach s’againne toisc gur thit Cumann an Athar Uí Mhurchú as a chéile go luath i ndiaidh dúinn an corn a bhuachan.
na curiarrachtaí go léir
all the records
Tá ré mhór na cispheile thart le tamall anois, tar éis gur bhris na Chicago Bulls
na curiarrachtaí go léir sna nóchaidí, agus ó shin i leith tá meath beag tagtha ar an spórt sin.
is léir go mbraitheann sé
he obviously feels
Luann seisean arís is arís an tábhacht a bhaineann leis an dá rud thuasluaite (pobal mór bheith ag labhairt teanga agus tacaíocht stáit a bheith aici) agus
is léir go mbraitheann sé gur beag eile is féidir a dhéanamh mura bhfuil an méid sin i gceist.
na trí choilíneacht déag go léir
all thirteen colonies
Ní raibh bunreacht ag na Stáit Aontaithe go dtí 1787, agus thóg sé trí bliana eile sular ghlac
na trí choilíneacht déag go léir leis.
ba léir gur ghoill sé go mór uirthi
it was obvious that it bothered her a lot
“Eagla” a dúirt bean amháin agus
ba léir gur ghoill sé go mór uirthi go mbeadh áit thábhachtach i bpolaitíocht a tíre ag an drong tuaisceartach seo.
an fhoireann eile go léir ina luí orm,
and the other team all lying on me,
Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus
an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin.
lámhachadh iad go léir.
they were all slaughtered.
Ar an lá seo tugadh go Majdanek iad agus
lámhachadh iad go léir.
le haghaidh na suíochán go léir
for all of the seats
Mar is iondúil, beidh toghchán ar siúl
le haghaidh na suíochán go léir i dTeach na nIonadaithe agus le haghaidh beagán níos mó ná leath na suíochán sa Seanad.
ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici
despite it being unclear as to whether or not she has any scientific evidence
Tá sé ráite arís is arís eile aici nach dtiocfaidh sí ar mhalairt intinne faoina ciorclán conspóideach,
ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici a thacaíonn lena cinneadh.
Is léir go ndeachaigh an eachtra go mór i bhfeidhm air
It is obvious that the whole affair affected him greatly
”
Is léir go ndeachaigh an eachtra go mór i bhfeidhm air – bhí sé uaigneach agus bhraith sé go raibh sé fágtha ar an trá fholamh ag an *Irish Times*.
Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal
and it is clear that the controversies have affected the public
Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
bratacha na gcontaetha go léir,
flags of all the counties
Bhí
bratacha na gcontaetha go léir, nach mór, crochta as an tsíleáil agus ar na ballaí, mar aon le grianghrafanna de cheoltóirí, d’aisteoirí agus de lucht spóirt na tíre seo.
Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth!
It is clear that the wheels of the County Council move as quickly as a glacier!
Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth!
Gaeltacht na RinneTá an chosúlacht ar an scéal gur i nGaeltacht Phort Láirge is fearr atá monatóireacht á déanamh ar an choinníoll teanga, a bhuíochas cuid mhór do Mháire Seo Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge.
is léir go ndeachaigh Ahern i bhfeidhm ar na hÉireannaigh.
it is clear that Ahern affected the Irish
Bíodh sin fíor nó ná bíodh,
is léir go ndeachaigh Ahern i bhfeidhm ar na hÉireannaigh.
go dtí go mba léir dúinn
until it was clear to us
Níorbh fhada muid ar an *Boardwalk*
go dtí go mba léir dúinn nár áit teaghlaigh í Atlantic City.
an fuadar go léir
all the hustle and bustle
Tokyo mar a chéile, is maith léi
an fuadar go léir.
go léir
entire
Tréigfear an feachtas diaidh ar ndiaidh, go dtí nach mbeidh ach croílár na buíne fágtha, agus an t-ualach oibre
go léir ag titim orthu.
go léir
all
Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh
go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
Tá aithne againn go léir ar
we all know
Tá aithne againn go léir ar dhaoine atá thíos leo de bharr gur scaip siad a gcuid sna hinnill chearrbhachais.
na cinn go léir a shíobadh den cholainn
to blast the heads of the body
Tír a bhfuil fathach na seacht gceann ann í Libia agus ní bheidh NATO in ann
na cinn go léir a shíobadh den cholainn mar tá siad chomh scaipthe ar fud na tíre is atá daonra iomlán Libia féin.
ngéarchéim go léir
the whole crisis
Dar leo (agus an ceart acu) is iad na baincéirí agus a gcairde sna tionscail airgeadais agus sócmhainne is cionsiocair leis an
ngéarchéim go léir.
Scéalta tharainn na teipeanna go léir
all the failures are a matter of the past
A bhFuil Romhainn
=========
Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas:
Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo,
ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.
cruacheisteanna go léir na fealsúnachta
all of philosophies difficult questions
Fuaireas an-léargas uaidh ar Kant inar réitíodh
cruacheisteanna go léir na fealsúnachta ach faraor níl dóthain spáis anseo agam chun é sin ar fad a mhíniú duit.
Is léir go fóill
is still visible
Is léir go fóill an dochar nuair a ghlacfas tú an tram ó thuaidh go himeall na cathrach, ach ná coinníodh an méid sin siar thú ó chuairt a thabhairt ar Nua-Orléans, ceann de na háiteanna is suimiúla i Meiriceá.
Is léir go bhfuil
obviously
Is léir go bhfuil rialacha fioscacha de dhíth le go bhfeidhmeodh limistéir an euro go maith.
Is léir go raibh buamaí á ndéanamh acu
it was clear that they were making bombs
Is léir go raibh buamaí á ndéanamh acu in dá theach sraithe agus séideadh suas iad agus bhíodar anois chun na coirp a bhailiú agus iad a chur isteach i málaí.
is léir go
obviously
Nuair a smaoinítear siar ar an méid dul chun cinn atá déanta ó na 70í i leith ó thaobh athshealbhú na teanga de,
is léir go mbeidh sé ríthábhachtach na scoileanna, comharthaí dhátheangacha, mórtas sa chultúr a choinneáil.
na meáin go léir
all the media
Conas nach bhfacamar ag teacht é? Bímid ag féachaint ar a chéile anseo agus ag cur an mhilleáin ar a chéile mar tar éis an tsaoil nach sinne faoi deara é? Cén fáth nár labhramar amach in am? Cén fáth nár aithníomar na comharthaí sóirt? Cén fáth nár thuigeamar go mbeadh deireadh le saoirse cainte, go raibh na boic ag ullmhú don lá a mbeadh
na meáin go léir faoina smacht acu agus nach mbeadh ach an t-aon tuairim amháin ann feasta.
is léir go bhfuil
obviously
Bíodh dúil agat sa chinneadh faoi *Girdwood* nó ná bíodh,
is léir go bhfuil tuaisceart Bhéal Feirste ag dul a athrú as a riocht sna blianta atá romhainn.
na dteideal féinfhoilsithe sin go léir
all those self-published titles
I measc
na dteideal féinfhoilsithe sin go léir, tá leabhar haiku leis an mBulgáireach, Petar Tchouhov.
is léir go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ann
it’s obvious that the place is a mess
Nuair a bhreathnaím ar bhunchuspóirí an mhisin agus ar na cúinsí míchuí ar an talamh in Uruzgan,
is léir go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ann.
ba léir go
it was obvious that
Cé nach bhfacthas í, dúradh linn go raibh díthreabhach ina chónaí áit éigin sa díseart!
Ar ndóigh, baineann turasóireacht le Deiridh Seachtaine Gaeltachta freisin, agus
ba léir go raibh áthas ar phobal Keswick an slua seo as Toronto a fheiceáil ag cur fúthu agus ag ceannach a n-earraí sna siopaí áitiúla.
bhí dúil mhór againn go léir ann
we all loved it
Théadh sinn go Maoinis achan samhradh nuair a bhí na páistí óg agus
bhí dúil mhór againn go léir ann.
inár fágadh an obair go léir faoi
where all the work was left to
Is siosmaideach an méid sin óir chonaic an scríbhneoir seo an méid sin go díreach le gaelscoil eile roinnt blianta roimhe sin
inár fágadh an obair go léir faoi aon duine amháin, cé nach raibh gasúr aige féin.
Is léir go
it’s obvious that
Is léir go bhfuil sruth na meala ionann is tráite um a dtaca seo.
ní léir in aon chor go
it’s not clear at all that
Tá feabhas beag le feiceáil i Meiriceá le leath bliana anuas nó mar sin, ach
ní léir in aon chor go bhfanfaidh sé, ná gur toil leis na polaiteoirí tabhairt faoi fhadhbanna mar fhuinneamh, bonneagar, an timpeallacht, sláinte, agus fostaíocht a réiteach le chéile.
go léir scuabtha nó leathscriosta
all swept away or half ruined
Bhí na siúlóidí adhmaid, a shín ar ciumhais na farraige sna bailte cósta,
go léir scuabtha nó leathscriosta, agus na gnónna in aice leo freisin.
ní chuirfidh an clú agus cháil go léir an dallamullóg ar
all the fame and acclaim shall not fool
Tá sé ar dhuine de na daoine óga is cumasaí faoi scór go leith bliana d’aois ar domhan atá luaite sa chomhluadar céanna le Mark Zuckerberg, Adele agus Lady Gaga, ach
ní chuirfidh an clú agus cháil go léir an dallamullóg ar an gCorcaíoch a chuir tús le gluaiseacht Coderdojo, James Whelton.
go léir a dtionchair ar
all (have) their effect on
Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine agus imríonn eachtraí beaga pearsanta teaghlaigh, scoile agus gaolta
go léir a dtionchair ar fhéiniúlacht an duine.
in ainneoin na hadmhála go léir
dispite all the admission
Ach,
in ainneoin na hadmhála go léir, bhí sé le brath ar a chuid cainte agus ar a shúile nach raibh aiféala air faoin méid a bhí déanta aige ach gur rugadh air agus go mb’éigean an fhírinne a insint amach.
sa tslí go mba léir
such that it was obvious
Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí
sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.
Is léir go
obviously
Is léir go bhféachtar ar inimircigh mar dhream ar féidir breis airgid a fháscadh as.
gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis
it’s obvious that it’s broadly accepted
Ní raibh gíog nó míog as éinne i gcoinne an mhéid a dúirt an tAire mar
gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis, ní hamháin i nGartan ach ar fud na hÉireann nach bhfuil aon chúlú siar nó athrú treo le tarlú i dTionscnamh na hEorpa.
gabhail i ngleic leis seo go léir
tackle all of this
Sa mhodh marthanais, caithfidh an t-imreoir
gabhail i ngleic leis seo go léir chun teacht slán.
Is léir go n-aithníonn daoine eile
others obviously recognise
Is léir go n-aithníonn daoine eile ár saintréithe agus go bhfuil meas acu orthu.
Go mbaine sibh go léir sult as scríobh
isteach enjoy writing in
Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach faoi bhun na n-alt.
ar neamhchead don diabhlaíocht go léir
despite all the skulduggery
Tá roinnt daoine sona sa saol,
ar neamhchead don diabhlaíocht go léir a thit amach thart timpeall orthu.
ní fios an t-éileamh go léir
God knows all the whining
D’fhéadfainn a mhaíomh go raibh an chuairt ní ba dheise dom féin ná mar a bhí dósan, mar tá cairde liom leathchéad bliain níos óige ná é agus
ní fios an t-éileamh go léir a bhíos ar bun acu.
Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir
why is everyone heedless to the slaughter
Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise?
Bhí Gurdjieff den tuairim gur ‘*potiential human beings*’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine.
bíonn mioneolas aige faoi na himreoirí go léir
he knows minutely everything about the players
Eisean a thosaigh mé ar Fantasy Premier League agus cosúil le go leor dá aoisghrúpa,
bíonn mioneolas aige faoi na himreoirí go léir.
is léir go mbíonn scaoilteacht áirithe
it’s obvious that there’s a certain amount of freedom
Má shamhlaímid cluiche le gort na polaitíochta
is léir go mbíonn scaoilteacht áirithe i gceist leis na rialacha a bhíonn i dtreis sa gcluiche áirithe seo.
ba léir dom go bhfuil sí ag iompar
it was obvious to me that she’s pregnant
An bhean a thug briseadh mo chuid airgid dom ag scipéad bialainne inné,
ba léir dom go bhfuil sí ag iompar, rud a chiallaíonn triúr in ionad beirte faoi cheann bliana.
An dtugtar focail na n-amhrán go léir
are the words of all the songs given
aspx?cid=1885&pid=16050&treeid=2)
An Cheist
====
**
An dtugtar focail na n-amhrán go léir sa leabhrán a ghabhann leis an díolaim seo, ‘Báidín Fheidhlimí’?**
Seol do fhreagra chuig oifig@beo.
ní léir go
it’s not clear that
Is de bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar a cuireadh an reachtaíocht le chéile, ach ait go leor,
ní léir go sabhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita.
Ina fhianaise sin go léir
in light of all that
Focal Mór agus Droch-Chur leis?
=============
Ina fhianaise sin go léir, an fiú a bheith dóchasach go ndéanfar aon dul chun cinn le linn an dara Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA a bheidh ar siúl 3 – 4 Deireadh Fómhair? Tá an tÉireannach Peter Sutherland ina Ionadaí Speisialta de chuid Ard-Rúnaí na NA um Imirce agus ba eisean a mhol bunú an GFIF i 2006.
is ea is mó a thairbheoimid go léir as
we’ll have all the more to be gained from it
Ach dá mhéad an dúshlán roimh an lucht déanta beartas a thagann le chéile i Nua-Eabhrac an mhí seo chugainn
is ea is mó a thairbheoimid go léir as má éirionn leo spriocanna Sutherland a bhaint amach.
nach mbeadh de thoradh ar an obair go léir ach
which shall only result in
An faitíos atá ormsa leis an Straitéis seo ná go bhfuil am agus fuinneamh á gcur amú i Roinn na Gaeltachta, san Údarás , i measc eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht, i measc eagraíochtaí Ghaeilge agus
nach mbeadh de thoradh ar an obair go léir ach frustrachas.
Tá bonn níos sláine faoin iarracht go léir
this whole effort is safe
Tá bonn níos sláine faoin iarracht go léir.
Ghlac mé staidéar domhain orthu go léir
I watched them all closely
)
Ghlac mé staidéar domhain orthu go léir dá bhrí sin.
iad go léir bainteach le
all part of
Ní hamháin gur staidiam nua-aoiseach é ar nós Pháirc an Chrócaigh (gan a bheith chomh mór leis) ach bhí idir shiopaí, bhialanna agus thábhairní taobh amuigh agus
iad go léir bainteach le staidiam na ‘New England Patriots’.
in ainneoin an aird go léir a dhírítear ar
despite all the attention given to
Ach
in ainneoin an aird go léir a dhírítear ar fhaireachas níos géire ar na teorainneacha seachtracha d’fhonn inimircigh nach mian linn iad a choimeád amach, is go dleathach a ligeadh isteach san AE formhór na n-inimirceach atá ag cur fúthu anseo gan chead.
Is léir go
obviously
Is léir go bhfuil bua na hamhránaíochta aici.
Is féidir léi ceacht nó dhó a mhúineadh dúinn go léir
she can teach us all a thing or two
Is féidir léi ceacht nó dhó a mhúineadh dúinn go léir faoi chúrsaí grá agus is é mo bharúil go bhfuil sé cabhrach éisteacht leis an gceol agus brí a bhaint as na lírící uaithi.
d’ainneoin an milleadh go léir
despite all the ruination
Is tábhachtach an ghné dhearfach imshaoil ní mar gheall ar an leas atá ann féin, ach toisc gurb shin é an leithscéal atá an stát ag tarraingt chuige féin ina gcuid blúiríní eolais chuig na meáin chumarsáide,
d’ainneoin an milleadh go léir a dhéanann siad chaon bhliain trí Bhord na Móna.
a chuid saibhris go léir a chailleadh
lost all his wealth
Deirtear gur chabhraigh sé le fear gnó a bhí th'éis
a chuid saibhris go léir a chailleadh.
de dhíth orainn go léir
we all need
Ach tá an Afraic Theas
de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.
Is léir go
it’s obvious that
Is léir go raibh tionchar mór ag an mbrú poiblí ar Ford ó shin ar leith.
Caillfear na poist sin go léir
all those jobs will be lost
Caillfear na poist sin go léir agus is baolach go gcaillfear poist go leor eile sna gnólachtaí beaga a tháirgeann comhpháirteanna gluaisteáin ar son na monaróirí móra.
bhfuil sé d’fhiachaibh orainn go léir
we all have to
Agus, dá bharr sin, i bhfianaise Ordú Catagórach Kant fadó, ’sé m’fhocal scoir ná go
bhfuil sé d’fhiachaibh orainn go léir an scannán seo d’fheiscint.
na cláracha go léir
are all of the programs
Baineann
na cláracha go léir le sráideanna agus le himeachtaí Whitechapel i Londain i ndiaidh ruathair Jack the Ripper ar na striapaigh áitiúla.
ionainn go léir
in us all
Mar a mhínigh Panti dúinn go snoite snasta ní haon ionadh é go bhfuil gach mac máthair homafóbach go pointe áirithe agus go mbíonn sé
ionainn go léir daoine ón imeall a cháineadh agus a imeallú níos faide uainn.
an t-ábhar go léir a alpadh
to devour all the material
Dá mbeinn in ann
an t-ábhar go léir a alpadh dhá oiread nó trí oiread níos tapúla, bheinn chun cinn ar cách.
thug sí na sonraí go léir
she gave all the details
Ba dheacair di labhairt mar gheall ar na hionsaithe seo le ceithre bliana fichead, ach fé dheireadh i 1997
thug sí na sonraí go léir don Ghardaí Síochána tar éis do iardhalta eile as an scoil chéanna gearán a dhéanamh freisin ó thaobh iompar múinteora amháin sa scoil.
Caithfimid go léir admháil
we all must admit
”*
Caithfimid go léir admháil go bhfuilimid fós ag feitheamh leo.
bhí díomá orainn go léir
we were all disappointed
Rialú de Dhíth
=====
“Thuigeamar i gcónaí an tábhacht a bhain le rialtóir san earnáil seo agus
bhí díomá orainn go léir nár cuireadh an bonn faoi go dtí go raibh géarchéim.
is linn go léir
we all own
“Tá an t-am istigh don argóint a bhaineann le príobháideachas an duine sin an t-eolas sin a cheilt -
is linn go léir airgead na gcarthanas mar tá siad ag fáil díolúine ó na coimisinéirí ioncaim.
Ina dhiaidh sin go léir
despite all that
Ina dhiaidh sin go léir, ní thuigeann an pobal gur bhuail carr é go dona ina óige, ba ar éigean a tháinig sé beo as agus fágadh sláimín airgid i gcuntas dó nuair a thiocfadh sé in inmhe.
rabhadar go léir fraochta
they were enraged
Daoine Gorma is ea 13 as 15 ball na foirne, agus ba léir go
rabhadar go léir fraochta.
dearcfaidh siad go léir an treo eile
they’ll all look away (pretend not to see)
Tá cromnasc an gheilleagair buailte ar gach éinne agus
dearcfaidh siad go léir an treo eile.
is coirpigh chogaidh iad go léir
they’re all war criminals
An té a chaithfeas súil ar na *Nuremburg Principles*, idir bhreitheanna agus chiontuithe, tuigfidh sé gur sealán na croiche i ndán do Obama, Bush, Clinton, Cheney, Rumsfeld agus Blair mar
is coirpigh chogaidh iad go léir.
Tá scannáin feicthe againn go léir
we’ve all seen films
Tá scannáin feicthe againn go léir agus an turnaimint giústála á léiriú iontu.
na leabhair fé ndear an droch-obair go léir
the books are the root of all evil
Bhí an ceart ag an sagart in Don Cíochóté:
> “Sea!” arsan sagart, “
na leabhair fé ndear an droch-obair go léir.
casadh leo go léir
to meet them all
Bhí sé sin thar cinn ar a lán bealaí,
casadh leo go léir.
murach an chonspóid go léir
if it wasn't for all the controversy
An dtógtar raic mar gheall ar na saothair a bhíonn ar an ghearrliosta, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann, díreach chun aird a tharraingt ar ealaín nach gcuirfeadh daoine aon suim inti
murach an chonspóid go léir?
an choimhlint go léir
all the conflict
D'fhéadfadh toradh dearfach a bheith ar
an choimhlint go léir atá ar siúl idir baill an UUP le tamall anuas, dar le Robert McMillen.
in ainneoin na drochíde go léir
despite all the abuse
Cuireann sé ionadh ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil daoine fós sásta bheith ina mbainisteoirí ar fhoirne peile agus iománaíochta,
in ainneoin na drochíde go léir a fhaigheann go leor acu.