Agus ní dhéanfadh sé
a dhath gnoithe d’Edna an Taoiseach Tréan ach a ghabháil ann agus an cleas seo a fháil dó féin agus do thír na hÉireann; nó ba é a shantaigh Edna ní ba mhó ná rud ar bith eile ar an domhan ná tírín beag iathghlas seo na hÉireann a bheith arís mar eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta don chuid eile den Domhan Thoir, mar a bhí faoi cheannas a dheargnamhad Bertie Borrach Bearránach.