gnólacht
business
Is Coimeádach é, ar ndóigh, agus oifigeach in arm Shasana fosta - an sórt duine a thug tacaíocht do Margaret Thatcher nuair a bhí sí ag moladh eacnamaíocht an tsaormhargaidh agus ag argóint in aghaidh idirghabháil an stáit nuair a bhí
gnólacht ar bith i dtrioblóid.
tacú le gnólachtaí
support businesses
An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach
tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge?
Tá feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid.
gnólachtaí
businesses
Tá comharthaíocht dhátheangach á húsáid ag
gnólachtaí ar bheagnach gach sráid.
ngnólacht
business
Tá sé soiléir nach bhfuil an Gearaltach tar éis éirí saibhir tríd an
ngnólacht seo, ach is cuma leis faoi sin.
ghnólachtaí
businesses
Is é an costas atá ag baint le do shuíomh féin gréasáin a chur le chéile is cúis, b'fhéidir, leis an bheaguchtach atá ar
ghnólachtaí beaga a dhul ar líne.
gnólachtaí beaga
small businesses
Tionsclaíocht
=======
Is beag tionsclaíocht atá sa cheantar féin, amach ó thógálaithe tí agus dornán fear a bhfuil
gnólachtaí beaga acu agus a thugann fostaíocht do bheagán.
gnólachtaí
businesses
Bhí 674 foirgneamh, siopaí den chuid is mó,
gnólachtaí agus stórais, loite … Fágadh idir 3,000 agus 4,000 oibrí gan fostaíocht.
gnólachtaí áitiúla
local businesses
Tá a n-airgeadra féin acu, fiú amháin - "Village Dollars" - ach, gan amhras, glactar le gnáthairgeadra Mheiriceá sna
gnólachtaí áitiúla chomh maith.
gnólachtaí
businesses
D'fhéadfaí
gnólachtaí Gaeilge a lonnú ann, agus fiú stiúideonna raidió agus teilifíse.
gnólachtaí níos dearfaí a chruthú
to create more positive businesses
Is é aidhm FEIC ná
gnólachtaí níos dearfaí a chruthú i nDoire, nó a mhealladh ansin, seachas comhlachtaí a dhéanann táirgí a tharraingíonn bás agus dochar ar dhaoine ar fud an domhain.
ó ghnólacht ar bith
from any business
Faigheann siad cuid mhór de chostais phóilíneachta na gcluichí sacair ar ais ó na na clubanna áitiúla fosta agus dúirt an Príomh-Chonstábla go mbeidh siad ábalta an costas iomlán a fháil ar ais
ó ghnólacht ar bith mar chuid den Police Reform Bill a bheas á phlé sa pharlaimint i mbliana.
ghnólachtaí
businesses
Ceann de na slite is éifeachtaí le tabhairt faoi seo ná bunús eacnamúil a thabhairt don Ghaeilge trí
ghnólachtaí agus fiontraíocht a chothú a mbeidh an Ghaeilge lárnach iontu.
ghnólachtaí tráchtála
commercial businesses
Méadófar an táille seirbhíse do
ghnólachtaí tráchtála - monarchana nua, siopaí nua agus a leithéid - ó €28,400 go €45,000 sna bailte móra agus i gcathair na Gaillimhe.
gnólacht
business
Is as Gort an Choirce ó dhúchas é, áit a raibh
gnólacht, Óstán Mhic Pháidín, a reáchtáil ag a mhuintir ar feadh na mblianta fada.
gnólacht
business
Bhí a fhios i gcónaí aici gur theastaigh uaithi a
gnólacht féin a bhunú agus bhí an bheirt eile ar aon intinn léi.
tá ag éirí go hiontach lena ghnólacht
his business is doing really well
Chuir Alan Jones, tábhairneoir The Ring O' Bells i West Kirby, cóngarach do Learpholl, cosc ar an tobac i Meitheamh 2003 agus
tá ag éirí go hiontach lena ghnólacht ó shin.
an ghnólacht seo
this business
"Tá
an ghnólacht seo á reáchtáil ar dhóigh amaideach," ar sise.
ag spreagadh na ngnólachtaí féin
encouraging the businesses themselves
Lena chois sin, beidh siad
ag spreagadh na ngnólachtaí féin le cosc ar an tobac a thabhairt isteach go toilteanach, agus ag rá leo gur féidir leo a lán airgid a shábháil dá bharr.
plé leanúnach le gnólachtaí
continuous dealings with businesses
Bíonn comórtas gnó againn gach bliain i rith Sheachtain na Gaeilge, chomh maith le
plé leanúnach le gnólachtaí.
ghnólacht
business
Duirt sí liom: "Thosaigh mé an
ghnólacht seo in earrach na bliana 2002.
gnólachtaí áitiúla
local businesses
Ina theannta san tá Bord Bainistíochta againn ar a bhfuil ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla:
gnólachtaí áitiúla, an Cumann Tráchtála, Bord Sláinte an Oirdheiscirt, Comhairle na Cathrach, an Chomhairle Contae, Gaelscoileanna, Comhluadar, Cumann Lúthchleas Gael, agus ionadaí eaglasta.
na gnólachtaí ollmhóra
big business
Tá dhá phríomheilimint sa "Mheiriceá nua" seo: an bunúsachas reiligiúnda agus
na gnólachtaí ollmhóra.
gnólachtaí
businesses
Tá éagsúlacht nua ag baint le Katonah Avenue i gceantar Woodlawn sna Bronx, Nua-Eabhrac, ar cheantar Éireannach amháin é tráth; na laethanta seo, tá inimircigh as tíortha eile i mbun *delis, *siopaí crua-earraí agus
gnólachtaí eile sa cheantar.
gnólachtaí móra
big businesses
Dar léi go bhfuil rátaí iomaíocha á bhfáil ag
gnólachtaí móra sa lá atá inniu ann.
gnólacht an teaghlaigh
the family business
In ainneoin go bhfuil clann agus post lánaimseartha ag beirt dá pháistí, John agus Margaret, caitheann siad seal gach lá ag cuidiú lena n-athair
gnólacht an teaghlaigh a reáchtáil.
gnólachtaí áitiúla
local businesses
Ó thaobh airgid de, thug daoine agus
gnólachtaí áitiúla bronntanais dúinn agus fuair muid roinnt deontas freisin.
gnólachtaí
businesses
Beidh ar an chuid is mó de na
gnólachtaí a ndoirse a dhúnadh (beidh seans ag
gnólachtaí áitiúla teacht slán), agus éireoidh an saol i bhfad níos logánta.
go mbunódh muid ár ngnólachtaí féin
that we would establish our own businesses
“Sa cheathrú bliain b’éigean dúinn plean gnó a chur le chéile, so bhí sé mar aidhm fhadtéarmach ag an gcúrsa
go mbunódh muid ár ngnólachtaí féin agus is dócha gur sin an ghné is mó a thaitin liom agus a mheall mé chuig an gcúrsa sin, agus toisc go raibh sé trí mheán na Gaeilge.
i mbun na ngnólachtaí seo
running these businesses
Tá teach tábhairne Polannach ann anois, fiú! Is daoine pléisiúrtha, cairdiúla iad siúd atá
i mbun na ngnólachtaí seo agus thig a rá go bhfuil gnáthdhaoine na cathrach breá cairdiúil leo fosta.
20 gnólacht
twenty businesses
Bhí ruathar ag na Gardaí ó dheas ar
20 gnólacht a bhain le “sciúradh airgid”.
Gnólachtaí
businesses
Gnólachtaí, grúpaí creidimh, carthanachtaí, ollscoileanna, grúpaí tuismitheoirí agus grúpaí pobail a dhéanfaidh na scoileanna neamspleácha seo a reáchtáil.
gnólacht Albanach
Scottish business
Ach tá forbairt á déanamh ag comhlachtaí eile cheana féin: tá
gnólacht Albanach ag cur inneall mór ar a dtugtar “Pelamis”, atá cosúil le nathracha ollmhóra meicniúla, san fharraige in aice leis an bPortaingéil, agus tá comhlacht eile chun a inneall féin, “Archimedes”, a chur sa mhuir cóngarach d’Inse Orc in 2007 – agus mar sin, ní foláir dúinn gníomhú go sciobtha chun bheith chun tosaigh sa rás seo.
mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí
as a normal language of work in companies
Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?***Tá sé mar fhís agam go mbeidh dea-chaighdeán Gaeilge agus dea-thoil i leith na teanga ag gach páiste a théann tríd an gcóras oideachais; go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn rialta ag na húdaráis; go mbeidh an Ghaeilge
mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí agus go mbeidh méadú mór ar líon agus ar ról na meán Gaeilge.
i measc ghnólachtaí na cathrach.
among the businesses of the city.
Tá Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód ó bhí 1987, ag cur na Gaeilge chun cinn
i measc ghnólachtaí na cathrach.
do ghnólachtaí
to companies
Tá acmhainní curtha ar fáil
do ghnólachtaí - leabhrán frásaí, mar shampla, a bhfuil He Kōrero mō Aotearoa (On the Road with Te Reo) mar theideal air - agus cártaí a bhfuil kia ora (Dia duit) scríofa orthu do dheasca fáilte.
gnólacht stocaireachta
lobbying firm
Ceapadh Grossman i 2005 ina leaschathaoirleach ar The Cohen Group,
gnólacht stocaireachta bunaithe ag iar-Rúnaí Cosanta Clinton, William Cohen.
gnólachtaí
businesses
) An dara fáth ná faigheann tú eolas faoi áiteanna gar duit ó do líonra féin (daoine a bhfuil aithne agat orthub agus muinín agat astub) agus uaireanta déanann na
gnólachtaí sa timpeall in aice leat tairiscintí speisialta d’úsáideoirí Fourquare.
gnólachtaí
businesses
Ag tús na míosa seo caite rinne *MoneyGram International*, ar comhlacht aistrithe airgid é, comhaontú le
gnólachtaí Francacha a mhol Aire Inimirce na Fraince, Eric Besson.
gceart na ngnólachtaí
company rights
Creideann sé i bpolaitíocht na heite deise agus i
gceart na ngnólachtaí agus na bhfostóirí.
scátheagraíocht na ngnólachtaí
the business umbrella organization
D’imigh siad chuig Chumann Tráchtála na Gaillimhe,
scátheagraíocht na ngnólachtaí, agus d’fhiafraigh díobhsan cad a bhí siad le déanamh chun a chinntiú go bhfanfadh an infheistíocht sin ins an gcathair.
gnólachtaí nós maireachtála
lifestyle companies
Idir ghnólachtaí ag roinnt íomhánna de na tairgí atá ar fáil uathu nó ag cur cúpón ar fáil, tá fianaise ann gur fiú go mór é Pinterest dóibh siúd a bhfuil
gnólachtaí nós maireachtála acu go háirithe; cuir i gcás an faisean, seodóireacht, dearadh srl.
ghnólacht
business(es)
Cuireadh trí
ghnólacht déag as gnó.
ag cur brú millteanach ar ghnólachtaí áitiúla
putting immense pressure on local companies
An toradh atá ar seo go mbíonn na comhlachtaí seo
ag cur brú millteanach ar ghnólachtaí áitiúla a bheith saor agus solúbtha.
a raibh méar aige ar réimse leathan gnólachtaí agus tionscadal
who had a hand in a wide range of businesses and projects
Bhí baint ag Cheiro leis na Róschrosaigh i measc grúpaí diasúnachta eile agus ba dhuine é
a raibh méar aige ar réimse leathan gnólachtaí agus tionscadal – cineál fear Renaissance a linne.
ghnólachtaí nuathionscanta
new startup businesses
Leis an *Dublin Web Summit*, nó ‘cruinniú mullaigh an ghréasáin’ is dóigh, thart do 2013 tá neart feidhmeannach teicneolaíochta ag déanamh machnaimh ar
ghnólachtaí nuathionscanta (.
ag úsáid nua-ghnólachtaí teipthe mar thaighde
using failed new companies for research
Tá eagla ann go bhfuil roinnt fiontraithe sna Stáit Aontaithe
ag úsáid nua-ghnólachtaí teipthe mar thaighde in ionad tabhairt faoi thaighde ceart.
gnólachtaí a fhaightear ar aon
businesses which are found on any
Is iomaí uair, áfach, a chuireas an cheist a leanas orm féinig: an bhfuil a leithéid de rud ann agus cultúr Éireannach ar leith sa lá inniu lena mbreathnaítear amach ar an domhan trí fhuinneog ghlas Ghaelach Éireannach? Má tá, cá bhfuil sé sa diabhal le fáil?
Má shiúiltear síos aon phríomhshráid in aon cheann de na bailte móra nó cathracha timpeall an oileáin, níl ann den chuid is mó ach siopaí nó
gnólachtaí a fhaightear ar aon mhórshráid i Sasana nó sna Stáit Aontaithe, leithéidí Marks and Spencer, H&M, Monsoon, Walmart, McDonald’s, KFC agus mar sin de.
gnólachtaí beaga
small businesses
Caillfear na poist sin go léir agus is baolach go gcaillfear poist go leor eile sna
gnólachtaí beaga a tháirgeann comhpháirteanna gluaisteáin ar son na monaróirí móra.
gnólachtaí príobháideacha
private companies
Go bunúsach feidhmíonn na Boird Scrúdaithe sa Ríocht Aontaithe mar a bheadh
gnólachtaí príobháideacha ann agus tá cead dá réir acu gan ábhair a sholáthar mura bhfuiltear ag déanamh brabúis astu.
gnólacht mór, millteach
a massively large business
Cad a cheapaimse? Is dóigh liom go gcaithfidh bainistíocht an CLG a bheith fíorchúramach agus gan dearmad a dhéanamh nach ionann tosaíochtaí bhaill an CLG agus tosaíochtaí *Sky TV*,
gnólacht mór, millteach nach iad an spórt ná cluichí na nGael is cás dóibh ach brabach.
scriosadh na gnólachtaí sin
those businesses were ruined
Faraor,
scriosadh na gnólachtaí sin ag tús an Chogaidh Chathartha sa Spáinn agus bhí air Balenciaga bogadh go Páras na Fraince agus tosú in athuair.
gnólachtaí
businesses
Tá sé in am ag tomhaltóirí na hÉireann neamhaird a thabhairt ar na
gnólachtaí atá ag iarraidh teacht i dtír orthu.
gnólachtaí druidte
businesses closed
Beidh soilse geala na Nollag as sméideadh go gealgháireach as fuinneoga siopaí ar chách, ach níl an méid dífhostaíochta,
gnólachtaí druidte ná níl na céatadáin dócmhainneachtaí ag tabhairt aon siocair gealgháire sna Sé Chontae ach oiread le háit ar bith.