Chun an saothar seo a chruthú, chaith Bowler dhá bhliain ag cur aithne ar na príosúnaigh; rinne sé iniúchadh géar ar a ngnáthaimh laethúla agus ghlac sé páirt iontu é féin.
De réir na teoirice seo, tuigeann an peileadóir óg Ciarraíoch, nó an t-iománaí óg as Cill Chainnigh/Corcaigh/Tiobraid Árann, ‘rialacha’ nó gnáthaimh an chluiche (ní hiad na rialacha nó na dlíthe scríofa atá i gceist agam) a chuireann ar a chumas an cinneadh ceart a thógáil go hiomasach i ngach gné d’imirt an chluiche.