Bhí Cú Chulainn ar ais ina nead beag suaimhnis i mBearna an Tuaiscirt, a theileascóp ina leathláimh aige, agus é ag faire go glinnsúileach orthu siúd a fuair de chroí cos a leagan thar theorainn s’aigesean isteach in Ulaidh.
Nach tú atá glinnsúileacharen’t you the one who’s sharp sighted
Nach tú atá glinnsúileach!”
Amach ar an doras le Balor bocht sular chuir sí ceist ar bith air féin, agus amach trí na sléibhte leis go lorgódh sé comhluadar nach mbeadh aon chur amach acu ar an Mhodh Coinníollach ná ar chuileoga baininscneacha; áit nach mbeadh Continental Céilí ar bith le cluinstin ná Gaeilge bhlasta bhinn na hOstaire ná na Gearmáine.