"Só," a fhiafraíonn Balor agus loinnir ina shúil aige, "só, cé atá sásta a admháil gur léigh siad *The Da Vinci Code? *Agus ceist níos géire fós: cé atá sásta a admháil gur bhain siad sult as?" Ní léimeann mórán in airde go bródúil le maíomh go bhfuil an leabhar cíortha acu ó chlúdach go clúdach am ar bith a chuireann Laoch na Litríochta na ceisteanna sin.