Beidh ar dhaoine maireachtáil ar an bheagán; beidh ar dhaoine dul thar lear le teacht ar ghléas beo dóibh féin; méadóidh ar an choireacht; beidh ar dhaoine a bheith ag súil le níos lú – níos lú airgead agus níos lú deiseanna.
Faoi thús na mílaoise bhí an nua-aoiseachas tagtha go chuile chearn den tír agus ní raibh ach seacht faoin gcéad de mhuintir na tíre ag brath ar an fheirmeoireacht mar ghléas beo.