Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann:
Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le
haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.