Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scigiúil giggling
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
ag seitgháirí giggling
" Roimhe sin, bhí beirt chailín óg ag seitgháirí agus ag cogarnaigh agus ní raibh tointe orthusan.
scigiúil giggling
" Ba chuma leis aon rud sa saol ach an troid, agus dea-nósanna agus compánachas a ghadhair bhig scigiúil.
sciotaíl giggling
" Nach iontach é? Nach gceapann tú go bhfuil sé iontach? Níor thug mé de fhreagra air ach sciotaíl, breathnú ar an urlár—ar nós gasúir a bhí sé, ach é an-sean.
ag scige go ciúin leis féin, giggling quietly to himself,
" Ansin, agus é ag scige go ciúin leis féin, dúirt sé.
ag scige. giggling.
" Cúpla bliain ó shin bhuaileamar le hathair duine dár lucht leanúna, Kevin Pendred, agus d’inis sé scéal dúinn faoin gceathrar cairde a bhí aige a d’úsáid a thigh mar oifig samhradh amháin agus a d’fhág bille ollmhór teileafóin leis – muid faoi ndear an bille a dúirt sé linn, ag scige.