An é gur cheart dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan? Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht "thraidisiúnta" faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an t-idirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh?
Tá "pobal" nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá "Gaeltacht" dhomhanda gan
teorainneacha geografacha á cruthú.