"Tá cúrsa againn ar gharraíodóireacht órgánach a bhuaigh an chéad áit in Éirinn; ba mhaith liom go bpréamhófaí an fheirmeoireacht orgánach sa dúthaigh seo fad is bheidh na scileanna ag na daoine ar conas prátaí a chur, tuiscint don gcré, don aimsir, don síolchur agus mar sin de.
Chomh maith le hachan sórt garraíodóireachta, tá cúrsaí ar fáil ar shníomh, potaireacht, caoladóireacht, cumhacht ghréine agus ghaoithe, ag coinneáil gabhar, agus neart rudaí eile.
Gan obair sa mbaile, ach le hoideachas nó scileanna maithe agus díocas chun oibre, thrasnaíodar an tAigéan Atlantach ar víosaí turasóireachta agus d'fhanadar, ag tógáil tithe i mBostún, ag tarraingt piontaí i Nua-Eabhrac, nó ag garraíodóireacht i Siceágó.
Easpa lucht saothair
Ansin cúpla bliain ó shin, thosaigh feirmeoirí Astrálacha sa tionscal gairneoireachta ag gearán de cheal oibrithe feirme go leor ar fáil leis na torthaí agus na glasraí a shábháil.
B’fhearr liom i bhfad a dhul chuig ionad garraíodóireachta atá ar chúl tí fir, cuir i gcás, nó ábhar garraí a cheannacht ó Woodies nó óna mhacasamhail.