Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.