Dúirt Peadar liom: "An bhfaca tú na héin sna crainn sa reilig?" D'amharc mé suas agus chonaic mé a lán éan beag sna craobhacha agus iad ag déanamh tríligh gan stad, gan staonadh.
"
Cad é tá mícheart sa Tuaisceart, go háirithe ó thaobh na ndílseoirí de, atá ag déanamh ionsaithe ar na naisiúnaithe gan stad gan staonadh? Tá na naisiúnaithe breá ábalta ionsaithe a dhéanamh iad féin, ar ndóigh, ach is í an bhunfhadhb ná an seicteachas brúidiúil atá i gceist i measc an lucht oibre dílseach.
Agus, ar scála domhanda, is féidir anois eitilt gan stad a fháil ó Éirinn go dtí an Afraic, an tSeapáin, Hong Cong, Singapore agus gach coirnéal de na Stáit Aontaithe.
craoladh na cláracha gan stadthe programmes were broadcast continually
Rinneadh an tsraith *The Flintstones* in ómós don scannán mór a bhí ag Jackie Gleason, *The Honeymooners,* agus craoladh na cláracha gan stad ó 1960 go dtí 1966 agus arís sna seachtóidí, rith nár sáraíodh roimhe sin nó ina dhiaidh sin, go dtí gur tháinig *The Simpsons* ar an fhód i 1989.
Bhí dán beag deas aige a ndéanadh sé é a aithris gan stad:
Tá Tulach Mhór i lár na tíre Tulach álainn trína chéile; Lucht dhá chois ag siúl na slí Gan vóta acu ná déine Gan Béarla acu ná Gaeilge.
Agus Seosaimhín bhocht Ní Bheaglaoich! Ba ghnách léi a bheith ag ceol gan stad gan staonadh faoin tSeanbhean Bhocht, ach cén mhaith é sin anois, nuair atá gach dara seanbhean sa tír bocht.
Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
Seachtar ball den tSeirbhís Rúnda a ransaigh agus a cheistigh é go mion sula scaoilfí isteach sa Teach Bán é, ach a luaithe agus a thuig siad gur Balor a bhí ann, ghabh siad a leithscéal agus rinne siad é a thionlacan fríd an teach mór, gan stad gan bhac gan bharradh go dtí oifig an Uachtaráin.
Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta, dúlionnach agus duairc an mhí seo a chuaigh thart, de thairbhe cainte gan stad gan staonadh faoi dhrochstaid na tíre.
leanúnach gan stad gan staonadhcontinual with no let up
Chuir na breithimh dhá rud ar leith fé scrúdú, ’sé sin fulaingt gan fuascailt na mná féin, fulaingt leanúnach gan stad gan staonadh dar léi féin, agus os a choinne sin, dualgas an Stáit an saol daonna a chosaint trí choscanna a chuireann bac os comhair iad san a dhéanann iarracht lámh a chur ina mbás féin.
Ina dhiaidh sin bheadh fiche duine anaithnid ann ag caint gan stad gan staonadh faoi Brian O Driscoll agus faoina shaol agus a shaothar agus a chuid cluichí agus a bhean chéile agus a iníon agus a… Agus, a Bhaloir, ar mhiste leat dul abhaile anois go gasta – maith an fear – agus a rá le hEnda nach bhfuil sé ar intinn againn dul in aice libh.
gan stad gan staonadh ar feadh a shaoilunceasingly all his life
Nuair a fuair sé bás i 1966 bhí an áit lán le saothar nár críochnaíodh riamh, agus a thaispeáin gur fear a bhí ann a d'oibrigh gan stad gan staonadh ar feadh a shaoil.