Nárbh é Rialtas na Breataine céanna a bhí taobh thiar den obair léarscáile in Albain? Is deacair dom a chreidiúnt gur ordaíodh don dream a bhí ag plé le logainmneacha in Éirinn,
gan feidhm a bhaint as logainmeacha i nGaeilge in aon chás agus gur ceadaíodh glacadh in Albain leis an leagan Ghaeilge go fairsing? An bhfuil fianaise ann gur dúradh leis an saineolaí ar na logainmneacha, a bhí fostaithe ag an Suirbhéireacht Ordanáis, John O Donovan, nach bhféadfadh sé an leagan Ghaeilge a úsáid, nó an amhlaidh gur shocraigh O Donovan gur mar sin a bheadh?
Is dócha nár cheart a bheith róghéar ar an Donnabhánach.