Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus
cearrbhachas (tá aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).