Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr meidhréiseach cruinnbhallach.
Breast RTÉ agus na scannáin chéanna arís agus arís eile Lá Nollag! Breast na pubanna a bhíonn druidte ar an lá is mó fonn óil sa bhliain!” Is beag gairdeas Nollag ná croí na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach.
“Gairdeas na Nollag? Bah! Tuar cait is féasóg air!” Ní Balor Biatach a dúirt, ná Scrooge féin – nach raibh focal Gaeilge aige ar scor ar bith – ach Brains Cowen.