D’imrímis cluichí eile freisin – iománaíocht, peil, cruicéad – agus bhíodh rásaí capall againn gan chapaill
trí ghairdíní na gcomharsan!
Seans maith go raibh fios maith ag mo mháthair gur ag imirt sacair a bhíomar, ach rinne sí cinnte de go raibh a meon féin ar an ábhar soiléir dúinne, meon agus dearcadh a bhí coitianta i measc cuid áirithe de mhuintir Baile Átha Cliath a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca agus i gCogadh na Saoirse agus a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola.