Tá na múrphictiúir gháifeacha sa dá áit; tá fir ann a chaitheann bríste géine agus a bhfuil a gceann bearrtha; tá cailíní óga ann a chaitheann éadaí tanaí dlútha agus a mbíonn a leanaí leo i bpramanna.
“Ní fhaca tú, agus ní fhaca duine ar bith eile iad,” a d’fhreagair Cú Chulainn Cróga, “ach bhí siad ann ina gcéadta, iad ar fad i mbréagriocht – faoi bhrístí géine agus *hoodies*, scairfeanna thart ar a ngnúiseanna, na muinchillí crochta suas, tatúnna ar a sciatháin agus iad ag cruinniú cloch ina gcairn agus á gcaitheamh le mo leithéid.
Dúirt an *Fraulein* liom go dtabharfadh sí scáth fearthainne domh, ach tá scil amháin atá i linn géinte na Síneach nach bhfuil i gceann na nGael: a bheith ag rothaíocht agus scáth fearthainne i do lámh agat ag an am chéanna.