Cad a spreag thú le Cló Iar-Chonnachta a bhunú agus cén fhorbairt atá tagtha ar an chomhlacht ó shin?**
MÓC: Is cuimhin liom go mbíodh foilsitheoirí mall go leor ag foilsiú leabhair ag an am agus chomh maith le sin, chonaic mé go raibh go leor scríbhneoirí maithe i gConamara ann nach raibh foilsithe, daoine ar nós Johnny Chóil Mhaidhc, Joe Steve Uí Neachtain, Seán Ó Curraoin agus drámadóirí ar nós Antoine Uí Fhlathartha agus cheap mé go raibh
géarghá le freastal a dhéanamh ar na scríbhneoirí seo.