Nuair a d’inis Condoleezza Rice, comhairleoir slándála náisiúnta Bush, don Choimisiún nach raibh coinne ar bith ag an rialtas go mbainfí leas as eitleáin mar a rinne na fuadaitheoirí, thug Edmonds “*an outrageous lie*” air, agus b’éigean do Rice a admháil go raibh a leithéid d’eolas acu.
Ach in ainneoin go dtugann na mórchumhachtaí le fios nach ngéillfidh siad riamh do na héilimh a dhéanann fuadaitheoirí go n-íocfaí leo airgead fuascailte nó go scaoilfí as géibheann lucht a gcomhchúise ar an gcoinníoll go saorfaidís gialla, is minic mar sin féin go mbíonn daoine in amhras.