Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chur i gcrích to bring to fruition
" AÓF: An raibh sé deacair a phleanáil agus a chur i gcrích? MNíB: Ní raibh mar is duine traidisiúnta mé agus gach aon Nollaig úsáidim na seanamhaisiúcháin chéanna agus ní cheannaím na maisiúcháin nua.
an tionscadal seo a thabhairt chun críche. to bring this project to fruition.
" ” Measann an Dr Welch go bhfuil sé “suimiúil” gur beirt atá ag obair ó thuaidh a thóg an dualgas orthu féin an tionscadal seo a thabhairt chun críche.
chur i gcrích to fruition
" In ainneoin a chuid iarrachtaí, ní féidir le Simon intinn Bilal a athrú agus tuigeann sé nach bhfuil de rogha aige féin ach cabhrú le Bilal an plean atá aige a chur i gcrích.
chur i gcrích bring to fruition
" Dúirt sé liom, dá gcoimeádfainn orm leis an obair mhaith go bhféadfainn go leor a chur i gcrích.
beartas a chur i gcrích plan to fruition
" Bush, áit ar éirigh leo an beartas a chur i gcrích sa deireadh.
á chur i gcrích bringing it to fruition
" Is eachtra saoil ar leith é a bhaineann le saol na hÉireann agus is ceann de na smaointe é nuair a cheapann tú ‘cén fáth nach bhfuil sé seo déanta cheana?’ Thóg siad an smaoineamh chuig TG4, thaitin sé leosan agus thosaigh siad á chur i gcrích in éineacht leo.
chur i gcrích bringing to fruition
" Bhí obair na síochána ar bun i bhfad roimh aimsir Blair, ach níl aon amhras ann ach gur oibrigh sé go dian ar chur i gcrích na síochána.
curtha i gcrích brought to fruition
" Gan é, ní mórán a bheadh curtha i gcrích.
chur i gcrích brought to fruition
" Tuiscint ar am, ar áit agus tuiscint ar chumas nó ar an méid is féidir a chur i gcrích sa saol.
tugtha chun aibíochta brought to fruition
" Fómhar luath beart umhlaíochta sa Gháirdín Chuimhniúcháin tugtha chun aibíochta.
chuirfeadh bláth ar chraobh would come to fruition
" Is scannáin fhiúntacha iad - ‘21 Grams’ ach go háirithe, ach fágadh Inárritu fós gan saothar a chuirfeadh bláth ar chraobh ‘Amores Perros’.
chun críche to fruition
" Foirfeoir a bhí i da Vinci ach ba mhinic a intinn ag scinneadh ó ábhar go hábhar gan go leor acu a thabhairt chun críche agus ar an dóigh sin, ní raibh a ráta táirgiúlachta i gcaitheamh a shaoil riamh ard.
lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích to bring to fruition their dirty deeds
" Tuigtear do na póilíní lena chois sin go bhfuil líonra mór daoine ag tabhairt lámh chúnta don NSU lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích.
curtha i gcrích brought to fruition
" François Damiens ======== Míorúilt atá curtha i gcrích ag François Damiens.
ciste de dhith chun é a chur i gcrích a fund needed to bring it to fruition
" Séard atá i gceist leo siúd, ná suíomh inar féidir le healaíontóir nó le haireagóir cur síos a dhéanamh ar an togra atá idir láimhe aige agus ar a bhfuil ciste de dhith chun é a chur i gcrích.
curtha i gcrích brought to fruition
" Tá scéimeanna éagsúla curtha i gcrích ag formhór mór de bhaill an Aontais Eorpaigh (AE) chun inimircigh lasmuigh den dlí a thabhairt chun rialtachta agus tá an Pholainn tar éis deireadh a chur le scéim dá leithéid le déanaí.
a chur i gcrích bringing to fruition
" Leag an Stát dualgas reachtúil ar Údarás RTÉ sa reachtaíocht bunaithe (1960) a bhí sách éiginnte sa mhéad is nach raibh le déanamh ag RTÉ ach an aidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge a choiméad ‘i gcuimhne i gcónaí’ agus an dícheall a dhéanamh cabhrú leis an aidhm sin ‘a chur i gcrích’.
ag teacht in inmhe coming to fruition
" H: Cad iad na deacrachtaí is mó atá le sárú ag an nglúin óg ceoltóirí atá ag teacht in inmhe anois meas tú – más mian leo slí bheatha a bhaint amach i réimse an cheoil?** N.
fheiceáil ag teacht in inmhe to see (C.) coming to fruition
" Cé nár mhair ll Duce fada go leor le Cinecittà a fheiceáil ag teacht in inmhe, chuir sé tús le tionscal tábhachtach a chothaigh sainaicme scannaíochta chomh maith le roinnt de na scannáin is suntasaí agus is clúití i stair scannánaíochta na hEorpa.