ÉÓD: Cén rud is deacra faoin Ghaeilge, dar leat?
SF: Tá an ghramadach damanta ach tá an ghramadach san Iodáilis damanta fosta! Tá ceithre Mhodh Coinníollach san Iodáilis agus ceithre Mhodh Foshuiteach, mar sin níl eagla orm roimh an ghramadach.
an modh coinníollach agus an modh foshuiteach caitethe conditional mood and the past subjunctive mood
Ach theastaigh uaim an múinteoir ceart a fháil – múinteoir a thabharfadh an ghramadach cheart chruinn chruthanta dom; tuiseal ginideach iolra na n-aidiachtaí, an modh coinníollach agus an modh foshuiteach caite san áireamh.
**MDH: An bhfuil gnéithe éagsúla den teanga a chuireann níos mó dua ort ná gnéithe eile?**
CL: Níor mhaith liom a admháil i ndiaidh domh 17 bliain a chaitheamh leis an teanga agus cosúil le mo dhaltaí Iodáilise féin, tá a fhios agam go bhfuil modh foshuiteach ann ach ní thig liom é a úsáid.