Ba dhaingean Caitliceach an áit seo san Athleasú Creidimh (is as Crosby Vincent Nichols, Ard-Easpag Westminster nua) agus ba údar mórtais do theaghlaigh mar na Pinningtons gur choinnigh siad an seanchreideamh tríd an Ghéarleanúint.
Tá fiche troigh curtha ag Dermo le hairde na mballaí thart ar a dhúnáras, geataí a fuair sé ó champa Arm na Breataine i gCrois Mhic Lionnáin; agus meaisínghunnaí móra suite i neadacha iarainn gach deich slat óna chéile fá bharr na mballaí.