Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a tréigeadh which was forsaken
" Murach go raibh an spásárthach agus an chulaith spáis in easnamh (agus gur mionbhus bán a bhí mar mhodh taistil!), cheapfá gur ar an ngealach a bhí tú, leis na clocha móra "gealaí" ar fad! Ansin, trá mhór fhada bhán os do chomhair, nach bhfeicfeá a leithéid sa *Med*! D'éalaigh mé ón gcaint agus ón gcomhrá san Isle of Harris Hotel, tar éis dúinn oíche bhréa a chaitheamh i dTaigh mo Sheanair, chun breathnú ar na seanghrianghraif agus ar na léarscáileanna san óstán, go háirithe na cinn a bhain le Hiort, an t-oileán a tréigeadh sna 1930í.
a thréigean to forsake
" Cibé faoin na státseirbhísigh is iomaí searbhónta poiblí nach bhfuil sásta teaghlach agus teallach, sólann agus dánlann, bialann agus iarsmalann, parlús suathaireachta agus club *lapdance* a thréigean agus aghaidh a thabhairt ar áiteanna iargúlta imigéiniúla i bhfad amach.
thréigean a luaithe to forsake it as soon as
" Tá daoine riachtanach le beocht agus cuisle a thabhairt d’áit, ach caithfidh siad gan é a thréigean a luaithe is atá an lá oibre thart.
thréigean to leave, forsake
" Mhol na húdaráis do dhaoine freisin cinneadh a dhéanamh go luath roimh ré idir an teach a chosaint nó é a thréigean, agus gan a bheith ag iarraidh éalú ag an nóiméad deiridh.
tréigthe forsaken
" Má bhí na heisimircigh tréigthe ag an rialtas i mBaile Átha Cliath, bhí an (Irish) Post ann chun léargas Éireannach a thabhairt ar chúrsaí.
tréigthe go hiomlán entirely forsaken
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach – chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh – a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir na Baváire – ach an baile beag sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra ag tús mhí Iúil gach bliain le sult agus pléisiúr a bhaint as Willie Week (mar a thugadh na ceoltóirí air), nó Veak Villie (mar a thugann lucht óil na Gearmáine air – iad siúd nach bhfuil i dtaithí ar an Guinness).
tréighte forsaken
" Leonta go holc cheana ag tubaiste na n-inneall vótála - atá anois tréighte ag a chomharba.
thréig forsook
" An Nasc Scaoilte Seasann Crois Mhartain, atá gearrtha amach as cloch sa stíl Éireannach, mar a bheadh nasc leis na manaigh a thréig an oileáin i lár an naoú aois, de dheasca ionsaí na Lochlannach ar an oileán.
thréigean to forsake
" Bhí orthu glacadh le poist nár íoc go maith is rinne roinnt daoine Cambacuá a thréigean.
tréigthe forsaken
" Tá na bradáin san N17 níos mó ná na carranna atá tréigthe ann, agus is contúirtí na siorcanna thart faoi Bhéal Átha na Sluaighe ná crúba na gcapall.
thréigean forsaken
" Cé gur thosaigh an eisimirce as an Iaráic agus Saddam Hussein fós ag cur sceimhle ar an tír, tá méadú as cuimse ar fad tagtha ar líon na Mandaean atá tar éis a n-áit dúchais a thréigean ó d’fhuascail fórsaí Mheiriceá í sé bliana ó shin.
thréig forsook
" Ba den phobal dúchais Emberá an dá mhíle duine a thréig a n-áiteanna cónaithe anuraidh.
nár thréig didn’t forsake
" Dar leo go raibh cúrsaí díreach chomh deacair ag Polannaigh le linn na staire ach nár thréig siad a dteanga dhúchais riamh.
cnoic thréigthe a forsaken hill
" Do M’oide ==== Seanuaigh i bhfolach ag bun cnoic thréigthe, fiaile uaibhreach nach nglantar ó bhliain go a chéile, níl éinne fágtha chun freastal ar an tuama, is ní ghabhann thar bráid ach corrghearrthóir crann.
thréig forsook
" Ba bhainisteoir i monarcha éadaí i Srí Lanca í agus bhí sí oilte mar láithreoir teilifíse ach thréig sí a tír dhúchais ar son poist mar fheighlí linbh le teaghlach in Éirinn a raibh páiste dhá bhliain d’aois acu.
Tréigean an Dúchais forsaking one’s background
" Tréigean an Dúchais =========== Creidim go láidir nár chaill pobal na hÉireann muinín ionainn siocair gur chloígh muid go dílis lenár seanluachanna.
dtréigfeadh would forsake
" Ach ar chóir go mbeadh aon imní ar Netanyahu roimh Uachtarán SAM? In agallamh le teilifís Iosraelach i mbliana, fiafraíodh de Obama faoin bhfaitíos atá ar Iosraeligh go dtréigfeadh SAM iad.
thréig an duine the human forsook
" Ní fheiceann muintir na hÉireann rómhinic iad sa samhradh ó thréig an duine an rothar ar an gcarr.
thréig an talamh forsook, left the land
" Chuir an rialtas náisiúnta togra nua i bhfeidhm le cearta uiscithe a cheannach ar ais ó fheirmeoirí na habhantraí, agus soláthraíodh cúrsaí oiliúna dóibh siúd a thréig an talamh le scileanna nua a fhoghlaim.
Thréig left, forsook
" (Thréig a athair - a daoradh chun báis as Droichead Mhala a phléascadh i 1922 - Thréig sé an chlann nuair a bhí Michael D ina pháiste i Luimneach.
nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean it’s un-natural to forsake one’s house or one’s people
" D’fhulaing Tóibín fén ualach cultúrtha sin dar bhreaclínigh Ó Ríordánach ina dhán fuarchúiseach scéirdiúil, ‘Fill Arís’, dán a dhéanann idirdhealú dólásach idir an Béarla agus an Ghaeilge agus a dhéanann iarracht daoine do ghríosadh chun cluas bhodhar a thabhairt do shaibhreas intleachtúil ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ ós rud é, dar leis, nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’.
tá an talamh á tréigean the land is being forsaken
" Ach oiread leis na mílte bailte eile i dtuaisceart na Seineagáile, Mailí, An Nígir, An Nigéir agus Beinin, tá an talamh á tréigean agus á bánú.
nár loic riamh never forsook
" Fear uasal nár loic riamh ar a chomh-Éireannaigh.
thréig iad forsook them
" Ghlac Éire le lucht tacaíochta an tseanrí Idris nuair a baineadh an chumacht de i Libia, agus ghlac Éire chomh maith le ‘muintir na mbád’, mar a tugadh orthu, as Vítneam nuair a theith arm Mheiriceá as an tír sin agus a thréig iad.
thréig lucht a chumtha aontachtaithe an deiscirt its composers forsook the southern unionists
" Sa deireadh, rinneadh praiseach den Chúnant nuair a thréig lucht a chumtha aontachtaithe an deiscirt.
thréig forsook
" Aon duine amháin a dhiúltaigh iompú ar an Bhéarla nuair a thréig seisear cainteoirí dúchais Gaeilge a dteanga mar gheall ar bhean óg amháin.
tréigthe fiú amháin ag a gcairde in ECAT forsaken even by their friends in NATO
" Tá SAM agus Iosrael tréigthe fiú amháin ag a gcairde in ECAT – NATO sa Chomhthionól Coitinn.
a dteanga dhúchais a thréigean to forsake their native language
" Chuir an rí sin brú ar na Giúdaigh a dteanga dhúchais a thréigean agus nasc á dhéanamh aige freisin idir meán ársa na hEabhraise agus dramhaíol na staire.
á thréigean being forsaken
" Tá anailís déanta i leabhar a foilsíodh le gairid ar na cúiseanna go bhfuil an tOrd Oráisteach á thréigean ag go leor Protastúnach.