Ó thús an agallaimh, ba léir go raibh meascán den fhoirmeáltacht éifeachtach agus den chairdiúlacht ag baint leis; é dírithe go hiomlán díograiseach agus dáiríre ar mo cheisteanna ach ansin ag baint siar asam lena mheangadh mór nádúrtha nó lena gháire sona séimh, rud a rinne sé go minic.