Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Nár aifrí Dia orm é may God forgive me for saying it
" Nár aifrí Dia orm é - dheamhan a miste liom.
nach maithfeadh an pobal dóibh é that the public would not forgive them
" Tá a fhios acu go maith nach maithfeadh an pobal dóibh é dá rachaidís isteach i rialtas le Fianna Fáil tar éis geallúint a thabhairt nach ndéanfaidís amhlaidh.
an eachtra a mhaitheamh dá mhac to forgive his son for the incident
" Fiú go lá a bháis, i mí Eanáir seo caite, ní raibh sé sásta an eachtra a mhaitheamh dá mhac.
nár aifrí Dia orm é may God forgive me
" "Anois, a Áine," ar seisean, "má chluinim go bhfuil an marlachán de dhuine sin fá scread asail den teach, nár aifrí Dia orm é, cuirfidh mé amach ar an tsráid thú.
Maithfidh tú dom you'll forgive me
" An dtuigeann duine ar bith mo chás, ach tusa, a leabhairín mo chroí? Maithfidh tú dom, a thaisce, a leabhairín, a stóirín, má roinnim an méid a scríobhaim anseo le Balor na Súile Nimhe.
maithiúnas a thabhairt dá hiníon to forgive her daughter
" Ní hamháin go bhfuair a fear céile bás i laethanta deireanacha an Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh maitriarc an teaghlaigh, Rose, sásta riamh maithiúnas a thabhairt dá hiníon as, mar a chonacthas dise é, a reiligiún a thréigean.
Nár aifrigh Dia orm é May God forgive me
" D'amharc an máistir Ó Duibhir air agus dúirt sé agus faobhar ar a ghuth: "Nár aifrigh Dia orm é, bainfidh mé a luach asat.
a mhaitheamh to forgive
" "Is mian liom a chur in iúl go soiléir nár dhúirt mé riamh gur theastaigh uaim an taobh dorcha a mhaitheamh do mo theaghlach.
Tuigfidh sibh dúinne you'll forgive us
" Tuigfidh sibh dúinne anseo i Learpholl má bhíonn muid rud beag ciniciúil faoi Ian Paisley agus na meáin chumarsáide nuair a bhíonn siad ag tabhairt amach faoin díchoimisiúnú.
á maitheamh forgiving them
" An pointe a bhí mé a dhéanamh ná má mhíníonn tú na cúiseanna atá taobh thiar de ghníomhartha uafáis – 9/11, feachtas na Sealadach, an “*insurgency*” atá ar siúl faoi láthair san Iaráic – go ndéarfaidh daoine go bhfuil tú ag tabhairt leithscéil do sceimhlitheoirí, á maitheamh, agus ag tabhairt tacaíochta dóibh.
a mhaitheamh to forgive
" Ach sin ráite, ní féidir ar tharla Dé Sathairn a mhaitheamh.
maith dom an racht beag sin, forgive me for that little outburst,
" Trí bhó? Trí bhó? Trí bhó mo thóin! Ó maith dom an racht beag sin, a Bhaloir, ach bean dhá bhó a bhí ionam féin riamh anall.
óir tá maithiúnas tugtha aici dom! because she has forgiven me!
" Agus tá an fonn thart agus tá meangadh ar aghaidh Mark agus tá a fhios agam nach gá dúinn éisteacht leis an méid atá déanta agam óir tá maithiúnas tugtha aici dom! Tharla an eachtra sin coicís ó shin.
Go maithe Dia dó é may God forgive him for it
" Go maithe Dia dó é nó ní mhaithfidh mise, nó mo dheisceabal Willie McCrea ach oiread, agus níl ansin ach sampla beag amháin den iliomad rudaí nach ndéanann Willie! Ach le pilleadh ar do cheist, a Bhaloir.
mo chion a mhaitheamh dom féin to forgive myself for my offence
" Ó a Bhaloir, ní thig liom mo chion a mhaitheamh dom féin nuair a smaoiním ar an tsáinn ina bhfuil an Sáirsint Glas ó shin.
Maitheadh dom mo pheacaí, I was forgiven my sin
"Maitheadh dom mo pheacaí, agus mar sin, seo an bhliain úr chugam – biseach orm agus mé ar ais i mbun pinn arís.
nach dtig leis é a mhaitheamh di riamh. which he can't ever forgive her for
" Ach tá rud amháin déanta ag Hilarious Hillary a ghoilleann thar rud ar bith eile ar an Ghraoisín Bréagchráifeach agus nach dtig leis é a mhaitheamh di riamh.
Maith dom forgive me
" Maith dom mar sin, a léitheoir chóra, mura mbím corraithe agus buaileam sciath ar siúl ag na scórtha míle duine dá bpáirtí thuas i bpríomhchathair na Sléibhte Creagacha.
béarfaidh mé maithiúnas dó I shall forgive him
" Chuaigh mé anonn le cara de mo chuid nach raibh riamh thall, agus cé go bhfaca mé an taobh istigh de bharraíocht siopaí (cheannaigh sé lód le bheith cothrom leis), béarfaidh mé maithiúnas dó, nó bhí sé galánta an tÚll Mór a fheiceáil arís frí shúile duine a bhí á fheicéail don chéad uair.
Níor maitheadh was not forgiven
mhaithfí would be forgiven
" Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht a thabhairt dó, agus cé go raibh siad as dáta i dtaca le teideal an fhir, mhaithfí sin dóibh, nó is fada a bhí siad ag tacú leis mar aire: ‘Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Gaeltacht Milwaukee Níor thuig mé cad tuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo.
ní mhaithfear shall not be forgiven
" Rinne na O Donnells nach raibh an chuid eile in ann a dhéanamh an lá sin agus ní mhaithfear é sin dófa.
Maith dom forgive me
" Nílim cinnte céad fán gcéad go bhfuil rochtain ag foireann ár gcuid otharlann ar ríomhaire gan chaint ar r-phost ar ghléas soghluaiste! Maith dom mar sin go bhfuil m’alt rud beag scaipthe an mhí seo.
mhaitheadh be forgiven
" Ach, is é an t-iompar foréigneach nach féidir a mhaitheadh agus is í an fhadhb go ndéantar é a mhaitheadh ró-éasca sa CLG.
mhaitear is forgiven
" Is údar díomá é a mhinice agus a éasca is a mhaitear a n-iompar míshásúil d’imreoirí cáiliúla, agus an chaoi a dtugann idir bhainisteoirí agus choistí contae tacaíocht agus tarrtháil orthu.
maitheadh forgiven
" Ba é píonós seo na páise bunfhréamh aigne ait na Críostaíochta, dar le Foucault, an dearcadh sin a chomórann fulaingt agus fuascailt, an tinneas dar maolaíodh, an peaca dar maitheadh, an bochtán dar fáisceadh tar éis dó dólás an tsaoil a bhlaiseadh.
sasta maithiúnas a thabhairt content to forgive
" Cuid de na daoine a d'fhulaing, níl siad sasta maithiúnas a thabhairt cionn is nach bhfuil (an focal doiléir sin) ‘clabhsúr’ acu agus daoine eile ann atá ar theann a ndíchill dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar an aimsir chaite.
maith dom an Béarlachas forgive my Anglicism
" B’fhacthas dom níos mó ná riamh nach é – maith dom an Béarlachas agus an t-imeartas focal – creideamh eagraithe ‘mo chupán tae’.
mhaitheadh forgiven
" Is féidir linn an searbhas seo a mhaitheadh áfach ach saibhreas an fhoclóra a dhíleá.
sásta maithiúnas a thabhairt do happy to forgive
" Bhí agóidí ar siúl i mórchathracha na hEorpa ó gabhadh an triúr agus tá an Eaglais Cheartchreidmheach féin, in ainneoin a dhéanaí atá sí, ag rá go mbeadh sí sásta maithiúnas a thabhairt do na mná.
na fiacha a mhaitheamh d’Éirinn to forgive Ireland’s debt
" Ach caithfidh tusa na fiacha a mhaitheamh d’Éirinn.
maite forgiven
" Tá an chistin lán bia agus an siléar lán fíona…” “Caidé sin a dúirt tú faoin chistin agus faoin siléar?” “Lá bia agus lán fíona, agus tá roinnt bairillí móra beorach sa seomra stórais…” “Cén áit a gcuirfidh mé an ghairleog lofa seo, a Angela?” Agus, a léitheoirí dílse, nuair a thiocfaidh an scéal amach go bhfuil ár gcuid fiacha maite dúinn, beidh a fhios agaibh nach d’Enda ná do Michael Noone a bhfuil an chreidiúint ag dul, ach do Bhalor an Laoch, a chroch suas a mhisneach ar son na hÉireann.
Maithfidh lucht leanta followers shall forgive me
" Maithfidh lucht leanta ‘Kino’ na claontaí éalárnacha sin ionam.
mhaitheamh dom forgive me
" Mar sin, caithfidh tú mo chuid lochtanna gramadaí agus comhréire a mhaitheamh dom.
Laigí’ daonna le maitheamh human weaknesses to be forgiven
"Laigí’ daonna le maitheamh.
mar i gcead do if SM will forgive me
" Deis chaillte go cinnte, mar i gcead do Shéamus Mallon thiocfadh leat a rá nach bhfuil ins an Straitéis Fiche Bliain ach an Plean Gníomhaíochta ‘do fhoghlaimeoirí malla’.
peacaí pearsanta a ghnóthaigh maithiúnas personal transgressions which were forgiven
" Scríbhneoir agus bon-viveur ab ea Jenkins mar aon le polaiteoir cumasach (bhí caidreamh collaí aige lena chomhghleacaí Tony Crosland le linn a óige agus le deirfiúr Jackie Kennedy níos déanaí, peacaí pearsanta a ghnóthaigh maithiúnas óna bhean chéile Jennifer).
nach maitheann daoine iad people don’t forgive them
" Agus is cinnte nach maitheann daoine iad as na gealltanais neamhionraice a thug siad le linn an fheachtais dheireanaí.
Maith dom forgive me for
" (An bhfuil Gaeilge ar bah dum dum shh?) Maith dom an t-imeartas focail gan náire sin.