Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rinne Balor tuar agus tairngreacht Balor prophesied and foretold
" Seacht mbliana ó shin go díreach a rinne Balor tuar agus tairngreacht: go mbeadh an bua ag Mary Mac i dtoghchán na hUachtaránachta, fiú sula ndeachaigh sí isteach sa rás, sular thogh baicle Bhertie í mar iarrthóir agus sular fágadh Albert bocht ar an tseilf in aice leis an *Pedigree Chum*.
Tá sé sa tairngreacht it has been foretold
" Tá sé sa tairngreacht go mbeidh toradh maith ar na Sméara Dubha an bhliain seo chugainn.
níor thuar éinne no one foretold
" “Ar aon chaoi” a dúirt sé, “níor thuar éinne go mbeadh briseadh ann faoi mar a tharla, tá sé fíoréasca agus muid ag breathnú siar”.
Thuair foretold
" Thuair saineolaithe go leor go mbeadh roinnt de na tíortha seo céim ar chéim leis na Stáit Aontaithe faoi lár na haoise seo, ach is í an tSín is mó atá ag fíorú na físe seo, geall leis.
thuar foretold
" Mar a thuar an ‘Ciúin Mac Ádhaimh’, fuíoll an áir amháin a bhí fágtha de chultúr béil na Gaeilge nuair a shocraigh rialtas an tSaorstáit i 1926 go raibh idir ríthábhacht agus róphráinn ag baint le samplaí den teanga bheo i ngach ceantar inar mhair sí a chur ar an taifead go buan.
thuar foretold
" Thuairiscigh Haaretz go bhfuair beirt fhostaí de chuid Odigo, an freastalaí teachtaireachtaí meandracha Iosraelach, teachtaireachtaí a thuar na hionsaithe ar an Lárionad Domhanda Trádála dhá uair sular tharla siad.
thuar sé he foretold
" 
“Ní athróidh próiseacht s'againne,” arsa Sinn Féineach amháin liom agus é ar nós cuma liom, ach beidh cath fíochmhar le troid acu féin agus ag an SDLP faoi leasa sóisialaigh, faoi fhostaíocht, faoi aire a chinntiú do sheandaoine agus do pháistí, a thuar sé.
tuartha foretold
" Bhí sé tuartha chomh fada siar le 1988 go mbeadh áiteanna in aigéin an domhain ina mbaileofaí smionagar dramhaíola, de bharr na bhfeachtaí móra a ritheann trí fharraigí an domhain.
Ba mhinic é tuartha it was often foretold
" Ba mhinic é tuartha; ba mhinic an bhagairt ann; ba mhinic é séanta; ach tá sé i ndiaidh tarlú faoi dheireadh.
An Ghéarchéim a Tuaradh the crisis which was foretold
" An Ghéarchéim a Tuaradh ============ **SMM: An €uro mar athá, an gcaithfidh sé titim mar airgeadra agus an gcaithfear córas airgid na dtíortha éagsúla teacht i bhfeidhm an athuair, an punt inár gcás féin?** SÓhU: Dúramar ins an eite chlé sular tháinig an €uro i bhfeidhm in aon chor nach n-oibreodh sé agus nárbh fhéidir le tíortha a raibh geilleagar lag, cosúil leis an tír seo, cosúil leis an bPortaingéil agus leis an nGréig, a bheith ar an mbóthar céanna leis na geilleagair siúd a bhí thar a bheith láidir cosúil leis an nGearmáin agus go mbeadh géarchéim dá bharr san.
réamhluaite foretold, inherited
" An rud a cheanglaíonn na scríbhneoirí Béarla thuasluaite ná go mbunaíonn a bhformhór acu na carachtair ón Lucht Siúil ar allagar réamhbhunaithe, allagar foirmleach, réamhluaite a bhfuil athrá agus athdhéanamh déanta air ó ghlúin litríochta amháin go glúin eile.
thuar foretold
" Níor lochtaíodh é san am áfach, go mb'fhéidir an ceart a bheith ag mionlach an amhrais a thuar an tuairt gheilleagair, tuairt a bhí ag tórmach gan stad ag an am.
bheas á tuar shall be foretold
" A bás a bheas á tuar – a marú a bheas á tuar – a dúnmharú, fiú.
bás na litríochta á thuar the death of literature being foretold
" An focal – Bhí bás na litríochta á thuar ag daoine áirithe ceart go leor agus cúngú ar úsáid focal.
Tá an tuar ag teacht fán tairngreacht what was foretold is coming to pass
" ” (Aindí na hArdteiste in ‘Ar Son na Cúise’ Foinse 23 Feabhra, 2003) Tá an tuar ag teacht fán tairngreacht.
is minic bás na Gaeilge á thuar the death of Irish is often foretold
" Is iomaí barúil dhiúltach a nochtar faoi thodhchaí na Gaeilge ar na saolta seo, agus is minic bás na Gaeilge á thuar.
easpa bisigh á dtuar a lack of progress being foretold
" Faoin am seo, mura bhfuil deireadh leis an obair sna háiteacha sin, tá deireadh ré, ísliú céime nó easpa bisigh á dtuar de réir mar atá na hollúna is cáilithe ag dul ar phinsean agus na coláistí éagsúla ag fáisceadh an chreasa.
Thuar foretold
" Thuar Cheiro go bhfillfeadh na Giúdaigh ar an bPalaistín agus go mbeadh Iosrael mar ainm ar na críocha céanna feasta.
Bhí siad ann a thuar there were those who foretold
" Bhí siad ann a thuar go gcríochnódh an Afraic Theas amhlaidh, ach buíochas le Dia d’éirigh leo an chinniúint sin a sheachaint.