Ach, níos measa ná sin, dar le Ó Cuinneagáin, tá bunús na peile á scrios toisc nach é an t-imreoir oilte is tábhachtaí ach an t-imreoir is aclaí nó, lena rá ar bhealach eile, gurb é aclaíocht an imreora seachas scil an imreora is ceannasaí sa chluiche faoi mar a imrítear inniu é.
Má shamhlaímid cluiche le gort na polaitíochta is léir go mbíonn scaoilteacht áirithe i gceist leis na rialacha a bhíonn i dtreis sa gcluiche áirithe seo.