Príomhghiúróir an ghiúiré a ghearr an téarma príosúnachta orm, fíu amháin - tháinig seisean chugam le pictiúr a cheannach uaim!”
I ndeireadh na dála, b’fhéidir nach léiriú é an scéal seo ar ghliceas beirt rógairí, ach léiriú ar chomh réidh - ní deirim toilteanach - is atá saol na healaíne le déileáil leo siúd a d’imreodh feall orthu.
Tuigeadh do Sibel Edmonds go raibh muintir Dickerson ag iarraidh í a earcú mar ghníomhaire ar son eagraíochta a raibh sí ceapaithe a bheith ag déanamh faire air, agus d’inis sí an scéal dá saoiste.