Is dóigh liom go mbíonn an dearcadh fulangach a thug na seansaighdiúirí thuas chun solais fiche bliain ó shin sna cláracha faisnéise le haireachtáil go forleathan abhus i dtaca le Lá Anzac a chomóradh.
Diúltaíonn siad an focal ‘ionradh’ le cur síos ar theacht an fhir ghil, mar go maíonn siad go raibh coilíniú na tíre suaimhneach den chuid ba mhó agus go raibh an mhuintir dhúchais fulangach lena linn.