AÓF: Tá tionscadal eile staidéir ar siúl agat faoi láthair, nach bhfuil? Céard atá ar bun agat anois?
CÓCC: Tá Ollscoil na hÉireann tar éis staidéaracht taistil sna Dána a bhronnadh orm agus is éard atá i gceist agam a dhéanamh ná féachaint ar an bpróiseas seachadaíochta a ghabhann le roinnt de mhóramhráin na Gaeilge, a bhfuil scaipeadh fairsing ilchúigeach orthu agus a bhfoirm sa traidisiún míshocair dá réir, de bharr an ról cruthaitheach a bhíonn ag
fonnadóir i seachadaíocht na n-amhrán.