Is féidir le daoine nach mbaineann go dlúth le Gaeilge tuiscint a fháil ar shaol na Gaeilge – agus ansin a bheith sásta go bhfuil a gcáin ioncaim á caitheamh ar an nGaeilge, ar an teilifís, ar an raidió, ar an
bhfoilsitheoireacht, ar na leabhair, ar na gaelscoileanna agus nach miste leo a leithéid tarlú! Caithfidh muintir na Gaeilge dul amach i measc an phobail agus braithim gur cuid den obair sin a dhéanann an Scoil Samhraidh.