I 1981 nó 1982, chláraigh sé le Sinn Féin agus mar dhuine a bhí thar a bheith feidhmiúil ag eagrú rudaí, ceapadh ina chathaoirleach ar an pháirtí i nDoire é i 1985, ina chathaoirleach ar Chomhairle na Sé Chontae i 1990 agus bhí sé ar an Ard-Chomhairle ar feadh 20 bliain ach i 1986, thosaigh Gerry Adams ag caint ar fheachtas síochána agus bhí Ó hEára mar bhall
d'fhoghrúpa a rinne an scéal a chíoradh go mion - ainneoin go raibh sé amhrasach ann féin faoin treo ina raibh an páirtí ag dul.