D’fhág mé mo léine agus mo threabhsar crochta ar thairne meirgeach taobh amuigh den chéad doras, isteach liom ansin agus gan snáth orm ach an fobhríste.
Ar a chluinstin seo d’fhear Loch Garman, tháinig racht caointe air, agus le tocht ina ghlór, d’admhaigh sé go stadach go raibh cúpla ceann sa bhreis aige i dtarraiceán ina oifig i nDáil Éireann, ar eagla na héigeandála; agus go raibh dhá fhobhríste bhándearga aige fosta.