Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá an-líofacht bainte amach aige he has become extremely fluent
" " Tá sé ag foghlaim na Gaeilge le roinnt blianta anuas anois agus tá an-líofacht bainte amach aige.
bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge whether they be fluent or speak only a little Irish
" Oscailte do gach duine - bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge.
tá an teanga ar a toil ag Ellen Ellen is fluent in the language
" Níl mo chuid Iodáilise féin ró-iontach ach tá an teanga ar a toil ag Ellen.
líofa fluent
" Tá Gaeilge líofa ag Nikki agus díograis i dtaobh na teanga ag baint léi nach mbíonn le fáil ach go hannamh i measc daoine in Éirinn.
an Ghaeilge ar a dtoil fluent Irish
" Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
líofa fluent
" Tá Gaeilge líofa ag Salvatore agus bhí sé ábalta focail agus gramadach a mhíniú do na cailíní Iodálacha ina dteanga féin.
líofa fluent
" Rinneadh an gearán as Gaeilge agus d'fhreagair an bainisteoir i nGaeilge líofa! Go minic, mar sin, nuair a labhraíonn duine amháin as Gaeilge faightear amach go bhfuil an teanga ag daoine eile.
reasúnta líofa reasonably fluent
" Chuir muid glaoch ar an múinteoir, Pádraig Ó Dómhnalláin, an lá ina dhiaidh sin agus mhínigh sé dúinn go raibh sé ag múineadh na Gaeilge san *Escuela *le deich mbliana nó mar sin agus go raibh trí leibhéal ann: ceann amháin do na tosaitheoirí, ceann eile don dream a raibh taithí acu ar an teanga cheana féin agus grúpa eile do na daoine a bhí reasúnta líofa.
líofa fluent
" Cé a rinne sin? JMcB: Rinne mé féin an t-aistriúchán mar gur cheap mé gur dheas go mbeadh brí na scéalta le tuigbheáil acu siúd nach bhfuil Gaeilge líofa acu.
a bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are fluent
" com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.
a bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are fluent
" com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu who are not fluent in the language
" Is mian linn lucht na Gaeilge a mhealladh chun na háite ach beidh fáilte fosta, gan amhras, roimh dhaoine nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige who has fluent Irish
" Cén fáth? Is minic duine ag obair leis féin mar bíonn sé deacair deis a fháil labhairt le duine a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus is gá bheith in ann cleachtadh.
cainteoir líofa a fluent speaker
" Nílim féin róthógtha le rialacha, gramadach, stair na teanga agus mar sin de - oireann sé níos fearr dom seans a bheith agam éisteacht le cainteoir líofa.
líofa fluent
" Tá úrscéalta agus gearrscéalta scríofa aici i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá dhá dhráma Ghaeilge dá cuid i gcló, ach an bhfuil sé chomh furasta céanna bheith ag scríobh sa dá theanga? “Tá sé níos deacra dom bheith ag scríobh i nGaeilge mar níl mo chuid Gaeilge chomh líofa, chomh saibhir is a bheadh mo chuid Béarla.
na gcainteoirí ba líofa the most fluent speakers
" Ní raibh mé riamh i measc na gcainteoirí ba líofa sa teanga, ach i gcónaí bhí an-dúil agam inti agus tá go fóill.
a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige who speaks fluent Irish
" Bhí Michael Noonan i gceannas ar an pháirtí in 2001 agus 2002 agus is fear é siúd a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus a labhraíonn í go minic.
bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu most of them are very fluent
" Bíonn suas le cúig dhuine dhéag sa rang áirithe sin agus bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu.
Gaeilge líofa fluent Irish
" Tá an dá ábhar seo dlúthcheangailte lena chéile i gcúpla slí ach go háirithe ó thaobh an ghá atá ann le múinteoirí oilte a bhfuil Gaeilge líofa acu.
a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu who have fluent Irish
" Tá géarchéim i scoileanna áirithe Gaeltachta mar nach féidir leo teacht ar mhúinteoirí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.
Gaeilge líofa fluent Irish
" ” Bhí an t-athair ag iarraidh go mbeadh Gaeilge líofa ag Maighread, mar sin chuir sé ar scoláireacht Gael Linn go Rann Feirste í agus í go fóill sa bhunscoil, rud a bhí coitianta ag an am.
líofa fluent
" “B’as Ciarraí na comharsana agus bhí siad líofa sa teanga,” a dúirt sé liom.
agus cé nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag gach duine acu, and although they weren't all fluent in Irish,
" ” D’éirigh le Collins aisteoirí den chéad scoth a fháil don scannán, Colm Meaney, Dónal O’Kelly, Brendan Conroy agus Seán Ó Tarpaigh ina measc, agus cé nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag gach duine acu, bhí go leor spéise acu sa tionscadal agus gnaoi acu ar an teanga le ham a chaitheamh i gConamara ag cur snasa ar a mblas.
Béarla líofa fluent English
" “Tá Béarla líofa ag na rannpháirtithe seo chomh maith, tuigtear dom! Tá na cúrsaí seo ag freastalar riachtanais an tionscail i gcoitinne.
líofa sa Ghaeilge fluent in Irish
" Luann Belchem dochtúirí mar na deartháireacha Bligh as Gaillimh, a bhí líofa sa Ghaeilge agus a bhí ag obair sa gheiteo Éireannach i dtuaisceart Learphoill (lch.
Gaeilge líofa fluent Irish
" Chuir Páidí ceist orm cad é a bhí go maith nó speisialta faoi na cláracha agus dúirt mé gur sraith a bhí inti faoi dhaoine a raibh Gaeilge líofa acu, a raibh jabanna suimiúla acu, agus a bhí gafa le rud éigin a bhí go hiomlán difriúil leis an sórt ruda a raibh cáil orthu mar gheall air.
is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. even if they don't speak fluent Irish.
" Agus is dócha gurb é sin an bua is mó atá ag lucht Fhíbín – tá cur chuige físiúil ag an gcompántas agus tuigeann siad an chaoi le daoine a chur ag gáire, is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
bíonn oiread díomá orm nach bhfuil mé líofa, I am so dissappointed that I am not fluent
" Ag na hamanna seo bíonn oiread díomá orm nach bhfuil mé líofa, sa dóigh is go dtiocfadh liom an scéal a phlé.
Gaeilge líofa ag teastáil fluent Irish needed
" Is slat tomhais éifeachtach agus neamhspleách é Teastas Eorpach na Gaeilge, ar féidir leis an bhfostóir úsáid a bhaint as le cumas teanga iarratasóirí a mheas, seachas an riachtanas “Gaeilge líofa ag teastáil” a bheith luaite ar fhoirm iarratais, riachtanas atá ró-oscailte agus teibí.
ar a dtoil fluent, i.e. can speak fluently
" Den chuid is mó, bíonn dhá theanga, mar aon leis an mBéarla, ar a dtoil ag muintir na Maláive.
chainteoirí líofa fluent speakers
" Ag deireadh an chúrsa, tháinig cuid de chainteoirí líofa na Manainnise ar cuairt againn, ina measc Brian Stowell, duine a chaith a shaol ag saothrú ar son na Manainnise agus a bhfuil Gaeilge na hÉireann go líofa aige chomh maith.
líofa fluent
" 210) agus dochtúirí mar na deartháireacha Bligh as Gaillimh, a bhí líofa sa Ghaeilge agus a bhí ag obair sa gheiteo Éireannach i dtuaisceart Learphoill (lch.
líofa fluent
" Tá barúil agam nár leor Gaeilge lofa (ooooops! Gabh mo leithscéal: Gaeilge líofa) Liatroma fá choinne an phoist.
líofa fluent
" An Crú ar an Tairne Tá Clare líofa san Ollainnis anois, agus múineann sí Béarla i meánscoil san Ísiltír.
atá ar a dtoil fluent(ly)
" Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain atá ar a dtoil ag Príomh-Aire agus ag go leor d’Airí rialtais na dtíortha nó na réigiún sin ina bhfuil siad á labhairt? Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain a bhfuil rialtais náisiúnta ag ceapadh straitéisí fiche bliain ar a son? Agus in ainneoin na soiniciúlachta go léir in Éirinn, cé mhéad de theangacha mionlaithe an stáit seo a bhfuil cur amach réasúnta maith ag sciar suntasach den phobal orthu? Níl oiread agus ceann amháin de theangacha bundúchasacha Chalifornia á sealbhú ag páistí ná á foghlaim mar chroí-ábhar in aon scoil.
fíorlíofa truely fluent
" Bíonn leibhéil éagsúla chumais acu atá níos laige ná cainteoir dúchais fíorlíofa a d’fhás aníos leis an teanga.
líofa fluent
" Deirtear i nGaeilge go mbíonn duine ‘líofa’ i dteanga nó go mbíonn an teanga ‘ar a thoil’ aige.
líofa lofa fluent (but) rotten
" De réir Uí Bhroin is gráin le cainteoirí dúchais an Ghaelscoilis, nó an leath-Ghaeilg, nó Gaeilg líofa lofa an bhaile mhóir.
líofa fluent
" Caithfidh sé /sí a bheith oilte, snasta, líofa, fileata, socair agus bíonn a bhformhór mór acu amhlaidh.
cruinn líofa precise and fluent
" Tá Béarla cruinn líofa ag Anna Paluch, áfach, Polannach mná a bhain Éire amach i bhfómhar 2004.
líofa fluent
" Moladh go mór an dá úrscéal eile léi freisin: Vortex, scéal eachtraíochta is fantaisíochta do dhéagóirí óga; agus Cúpla Focal, scéal grá nua-aimseartha d’fhoghlaimeoirí fásta agus do léitheoirí líofa araon.
líofa fluent
" An Leas-Cheann Comairle: Dinny McGinley =================== Sa chás go seasfaidh sé babhta amháin eile (agus ó tharla Pádraig Mc Cormack a bheith dulta ar féarach) beidh aitheantas le fáil ag an seanfhondúir agus Gaeilgeoir líofa i ndeireadh thiar thall.
líofa fluent
" Bhí an dlíodóir Peter Madden le dul chun an tíre agus bhí siad ag iarraidh duine a raibh taithí acu ar Mheiriceá Laidineach, a raibh Spáinnis líofa acu agus a thuig cearta daonna.
líofa fluent
" Ach cheana féin, éilíonn neart comhlachtaí móra sa Bhrasaíl go mbeadh Béarla líofa ag a bhfostaithe.
líofa fluent
" Is cuimhin le cuid againn an Ghaeilg líofa a bhíodh ag Dick Burke agus John Kelly sna 1970/80aidí ach níl cáil na Gaeilge ar Fhine Gael inniu.
ar a thoil ag is fluent
" Tá Gaeilg ar a thoil ag an Taoiseach agus tá sé ag tabhairt a thacaíochta don teanga.
líofa fluent
" Is féidir éisteacht le canúintí is caighdeáin Ghaeilge éagsúla freisin, ó chainteoirí Gaeltachta is Galltachta, rud a thugann go bhfuil cláir ann do dhaoine ar beagán Gaeilge chomh maith leis an duine atá líofa.
líofa fluent
" Le teann náire, chinn mo mháthair go rachadh an chéad pháiste eile (mé féin) chuig Gaelscoil agus go mbeadh Gaeilge líofa aige nó aici’.
líofa fluent
" Faraor, tá sé fós deacair teacht ar mhúinteoirí líofa chun freastal ar an éileamh seo.
líofa fluent
" Ach ní hannamh ach oiread go mbíonn foghlaimeoirí Gaeilge ag foghlaim na teanga ó mhúinteoirí nach bhfuil Gaeilge líofa acu féin.
choimhéad gan a bheith líofa watch without being fluent
" Is féidir leat clár a leanstan agus is féidir leat cluichí peile agus cluichí rugbaí a choimhéad gan a bheith líofa nó gan a bheith fíorchumasach sa teangaidh.
Ní gá dóibh a bheith líofa they don’t have to be fluent
líofa fluent
" Baineadh an anáil as fear RTÉ nuair a labhair an bheirt acu i nGaeilge líofa leis.
lúth na teanga a bheith agat to be fluent
" Ní hábhar ceann crom ar bith é lúth na teanga a bheith agat, dar leo, ach a mhalairt.
líofa fluent
" ”* A chairde, maith dom an chiniciúlacht, ach b’fhéidir gur chóir dom togra a bhunú chun airgead a bhailiú a ligfidh dom mo Ghaeilge bhreá líofa a thabhairt go daoine bochta gan Ghaeilge Theilinn! <http://kck.
sé theanga go líofa six languages fluent
" **SMM: Cé mhéad teangacha atá agat mar sin?** AW: Tá sé theanga go líofa agam.
Tá an Ghaeilge ar a thoil aige he’s fluent
"Tá an Ghaeilge ar a thoil aige anois, ach beidh air teacht ar ais an bhliain seo chugainn le cur lena bhfuil foghlamtha aige,” a mhaígh Ó Cuinneagáin.
céadta cainteoirí líofa hundreds of fluent speakers
" (Bean óg í seo a chuir suas do phost eile go gairid roimhe sin le teacht chuig an ghaelscoil úr!) Níor ghlac mo dhuine le comhairle an dlíodóra, Gaeilgeoir, ach d’fháisc sé air san iarracht go damanta agus tá na céadta cainteoirí líofa Gaeilge san áit mar gheall ar an aon duine amháin sin.
Gaeilge líofa fluent Irish
" 

 Raidió na Life agus Blas Aniar =========== Gidh go bhfuil Gaeilge líofa aici, níl nasc aici leis an Ghaeltacht, go bhfios di.
líofa go maith fluent enough
" Cinnte tá Gaeilge líofa go maith ag an Taoiseach, ag an Tánaiste agus ag an Aire Airgeadais agus iad breá sásta í a labhairt go poiblí.
atá líofa who are fluent
" ** BD Tá ’fhios agam go ndéanaim a lán botún i mo chuid abairtí ach tuigeann daoine atá líofa cad tá á rá agam.
líofa cheana féin already fluent
" Fadhb eile a bhaineann leis an siollabas úr seo ná go bhfuil sé i bhfad rófhurasta dóibh siúd atá líofa cheana féin.
ar a dtoil ag are fluent
" Rud nár thuig mé sular tharla i gcomhluadar mé le Victoria Cozmolici as Chisniau, príomhchathair na Moldáive, tá an Rúisis ar a dtoil ag muintir na Moldáive fós, chomh maith leis an Rómáinis, teanga dhúchais na tire.
Níl an Pholannais ar a thoil ag isn’t fluent in Polish
" Níl an Pholannais ar a thoil ag an fhear seo, faraor, agus níl a fhios againn arbh fhíor a thuairim, faoi mhaireachtáil in Éirinn gan Béarla a labhairt.
liofa fluent
" Chuir cuairteoir amháin as an Bheilg, darb ainm Tomás Genicq, ceoltóir as an Bhruiséal, iontas ar dhaoine ag an seoladh leabhar mar bhí sé liofa i nGaeilge! Tá cultúr na hÉireann aitheanta anois mar chuid tábhachtach d’oidhreacht cultúrtha na cathrach.
líofa fluent
" Chun “an scéal a oscailt do dhaoine nach bhfuil Briotáinis líofa acu” agus “domhan réadúil” (dátheangach) a chur in iúl, shocraigh foireann Lann Vras Fraincis agus Béarla a chur i mbéil na gcarachtar, ach is í an Bhriotáinis is mó a chloistear.
chomh líofa ina mbéil 's a bhí nuair as fluent in their mouths as when
" Agus seo anois lán a' tí i gCriccieth agus urlabhra a sinsear chomh líofa ina mbéil 's a bhí nuair a chas Lloyd George le Michael Collins i 1921 le ceist na hÉireann a réiteach.
a bhfuil Gaeilge líofa cheana acu who are fluent in Irish already
" Ach tá amhras orm an é Cumann na bhFiann is fearr le dul i bhfeidhm ar dhaoine óga a bhfuil Gaeilge líofa cheana acu sa nGaeltacht agus sna Gaelcholáistí.
sách líofa fluent enough
" Ní raibh teanga na tíre sách líofa agam le rud chomh teicniúil leis a phlé, agus bhí faitíos orm í a fhágáil faoi chúram coimhthígh.
líofa fluent
" Ach ceapaim go n-iompaíonn go leor den aos óg ar ais ar an nGaeilge agus iad níos sine (go háirithe má bhíonn clann acu) mar sin, fad is go bhfuil an teanga sealbhaithe go maith acu agus go bhfuil siad líofa, bheinn dóchasach nach bhfuil deireadh na Gaeilge i ndán dúinn fós.
nach bhfuil an teanga ar a thoil aige he isn’t fluent
" Cad tuige nach mbeadh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a sciar féin d'ualach na gciorruithe a iompar? Níl an leithscéal seo bailí, áfach, i gcás cheapachán Aire Stáit Gaeltachta nach bhfuil an teanga ar a thoil aige.
líofa fluent
" Ceapadh beirt airí sóisir úra sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta - ceann le Gaeilge líofa agus ceann gan Ghaeilge líofa.
bhí sí ar a thoil aige he was fluent (in Irish)
" D'fhoghlaim Shanti Hofshi an Ghaeilge i gCalifornia, agus bhí sí ar a thoil aige nuair a leag sé cos ar thalamh na hÉireann den chéad uair.
tá an-líofacht bainte amach aici she has become extremely fluent
" Níl Yolanta Kruk ag foghlaim Gaeilge ach le cúpla bliain ach tá an-líofacht bainte amach aici, a bhuíochas sin ar mhúinteoir den scoth agus áiseanna iontacha idirlín.
Gaeilge líofa fluent Irish
" Tá ganntanas mór múinteoirí ann, go háirithe ag leibhéal na bunscoile, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus níl ach réiteach amháin ar an fhadhb – coláiste oiliúna Gaeilge a bhunú.
líofa fluent
" Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!
ar a toil aici she (is) fluent
" Tá Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Gaeilge agus Béarla ar a toil aici chomh maith.